Méid an Téacs

An bhfuil tú réidh don Lá Mór Faire Éan?

Eanáir 21, 2016

Robin. Nigel Blake (rspb-images.com)Tá an Cumann Ríoga um Chosaint Éan (RSPB) i dTuaisceart na hÉireann ag spreagadh pobal Dhoire agus an tSratha Báin le páirt a ghlacadh sa suirbhé fiadhúlra is mó ar domhan ag an deireadh seachtaine seo chugainn (30/31 Eanáir) agus is féidir an suirbhé a dhéanamh i do ghairdín féin nó ar scoil.

Tugann an Lá Mór Faire Éan deis do gach duine rud éigin dearfach a dhéanamh don dúlra trí uair a chloig a chur ar leataobh chun comhaireamh a dhéanamh ar líon na n-éan agus na n-ainmhithe éagsúla a thugann cuairt ar an ghairdín, bíodh sin sa bhaile nó ar scoil. Tugann torthaí an tsuirbhé seo léargas dúinn ar cad é mar atá ag éirí le speicis éagsúla éan agus ainmhithe.

Dúirt Amy Colvin de chuid RSPB NI: “Is furasta páirt a ghlacadh sa suirbhé. Níl le déanamh ach cuairt a thabhairt ar www.rspb.org.uk/birdwatch le clárú, cupán tae a dhéanamh agus uair a chloig a chaitheamh amuigh sa ghairdín ag faire ar éin agus ag comhaireamh na gcuairteoirí cleiteacha!”.

Blue tit Nigel Blake (rspb-images.com)

Anuraidh ghlac chóir a bheith leath-mhilliún duine páirt sa Lá Mór Faire Éan ar fud fad na Ríochta Aontaithe, 2,500 duine as Doire san áireamh. I nDoire, tháinig druideanna sa chéad áit mar go bhfacthas iad i 75% de ghairdíní sa cheantar. Tháinig gealbhain bhinne sa dara háit.

Agus an teocht ag titim, ní bhíonn an oiread bia nádúrtha ar fáil dár n-éin agus dár n-ainmhithe agus is mó seans go dtiocfaidh siad isteach inár ngairdíní agus súil acu go bhfaighidh siad rud éigin le hithe.

Tá bia calrach ag teastáil ar éin ag an am seo den bhliain le cinntiú gur féidir leo a gcuid meáchan coirp a chaomhnú. Roghnaigh piseanna talún, síolta lus na gréine, liathróidí geire, craiceann bagúin mionghearrtha agus fiú cáis ghrátáilte le cur i do bheathadáin éan agus ar tháblaí éan. Le cinntiú go bhfuil aiste bia do chuairteoirí éan atá cothrom ó thaobh cothaithe de cuir amach meascán de shíolta fosta.

Moltar do mhúinteoirí agus dhaltaí scoile páirt a ghlacadh sa Lá Mór Faire Éan fosta, a fhad is gcuirtear na torthaí ar ais roimh an 12 Feabhra.

I mbliana, tá RSPB NI ag obair i gcomhar le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin le leagan píolótach Gaeilge den tsuirbhé a dhéanamh le ceithre Ghaelscoil sa cheantar Comhairle.

Tuilleadh eolais agus fiosrúcháin agallaimh chuig:

Amy Colvin, Bainisteoir Cumarsáide Feidhmeach amy.colvin@rspb.org.uk 028 9049 1547.