Méid an Téacs

An-spórt ag Féile Peile Gael Linn sa Rinn !

Meitheamh 7, 2016

Gaelscoil Charraig Uí Leighin

Gaelscoil Charraig Uí Leighin:  Seaimpíní Féile Peile Gael Linn a reáchtáladh i gColáiste na Rinne le déanaí, foireann Ghaelscoil Charraig Uí Leighin, Corcaigh lena múinteoirí bródúla, Neasa Ní Lúing agus Órla Ní Chathasaigh

Bhí an-spórt ag peileadóirí óga ó Ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta le chéile ag Féile Peile Gael Linn cois mara thiar sa Rinn le déanaí !  Thar dhá lá, Déardaoin, 2 agus Aoine, 3 Meitheamh a reáchtáladh an ócáid bhliantúil seo, agus bhí ocht bhfoireann ( agus suas le 150 scoláire páirteach ann), faoi stiúr a gcuid múinteoirí.  Ar na scoileanna a thaisteal go Gaeltacht na Rinne, bhí Gaelscoil Chluain Meala,  Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Inis, Gaelscoil Gharbháin, Dún Garbhán, agus ceithre fhoireann ó Chorcaí – Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais, Gaelscoil Thomás Dáibhís, Magh Eala,  Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil na Dúghlaise. Rinne Scoil Náisiúnta na Rinne comhnascadh le Scoil Bhaile Mhic Airt, An Sean Phobal,  chun foireann a chur chun páirce chomh maith.

Scoláirí ó na hardranganna, idir bhuachaillí agus cailíní, sna scoileanna seo a bhí ag imirt agus tháinig roinnt de na foirne seo tríd babhtaí réamhcháilithe le bheith páirteach sa bhféile.  Bhí neart cluichí le
n-imirt ag na foirne thar an dá lá agus ba é Domhnall Ó Murchadha ón Rinn a bhí ag feidhmiú mar riarthóir orthu ag an bhféile.

Is idir Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóig a imríodh an Chraobh.  Bhí an-choimhlint ann ach sa deireadh is ag scoláirí Chorcaí a bhí an bua.   Bhí áthas an domhain orthu nuair a bhronn Seán Ó Ceallaigh Corn Gael Linn ar a gcaptaen, Rhys Mac Cárthaigh.  Ba iad  Neasa Ní Lúing agus Órla Ní Chathasaigh na múinteoirí  a thraenáil agus a d’ullmhaigh an fhoireann don chomórtas.

Faoi dhíon Choláiste stairiúil na Rinne a bhí na cuairteoirí lonnaithe,  agus deis acu aithne a chur ar a chéile!  Bhí an-chraic ag na scoláirí istoíche ag an quiz boird, ceolchoirm agus céilí a eagraíodh dóibh. Bhí an aimsir go breá le linn na féile agus bhain na daoine óga ar fad an-sult as an bpeil agus as as na himeachtaí sóisialta.  Tá Gael Linn an-bhuíoch de fhoireann an Choláiste agus de gach éinne a chuidigh ar aon bhealach le reáchtáil na féile.

Ba é seo an fhéile deireannach den tsraith de fhéilte a d’eagraigh Gael Linn i ngach cúige i mbliana, agus é ar an dara ceann a reáchtáladh i gCúige Mumhan,  chun freastal ar an éileamh mhór ó na scoileanna sa taobh sin tíre.