Méid an Téacs

Bain Úsáid Aistí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Aibreán 4, 2017

 

ITBÁC

Scoláireachtaí BÚA in ITBÁC 2017/18

‘Bain Úsáid Aisti’ in ITBÁC’  

BÚA – ‘Bain Úsáid Aisti’ in ITBÁC! Seo cur chuige nua atá á eagrú ag Oifig na Gaeilge, ITBÁC do mhic léinn le Gaeilge chun an Ghaeilge a spreagadh, a chur chun cinn agus a fhorbairt trasna na hInstitiúide.

Cuirfear scoláireachtaí ar luach €500 ar fáil do mhic léinn le Gaeilge chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn i bpríomhchampais na hInstitiúide tré dheiseanna spreagúla agus bríomhara a fhorbairt d’úsáid na Gaeilge san Institiúid.

Beidh deis iontach ag na mic léinn ceannródaíocha a roghnófar le bheith:
• gníomhach in eagrú imeachtaí sóisialta agus cultúrtha spreagúla Gaeilge in ITBÁC
• ag forbairt scileanna cumarsáide trí chur chun cinn na Gaeilge sna meáin shóisialta, foilseacháin, míreanna físe agus eile
• ag éileamh agus ag tacú le forbairt seirbhísí trí Ghaeilge agus le feiceálacht na teanga in ITBÁC
• rannpháirteach i gcinntiú thodhchaí na Gaeilge sa champas nua i nGráinseach Ghormáin
• ag spreagadh úsáid na Gaeilge sa phobal agus ar bhonn laethúil – sa bhaile, le cairde, san ionad oibre, ar scoil agus eile
• ag cur chun cinn na Gaeilge trí úsáid a bhaint aisti ar bhealaí spraíúla, cruthaitheacha, mealltacha agus nuálacha!

Beidh Scoláireachtaí €500 á mbronnadh ar gach mac léinn a n-éiríonn léi / leis a bheith mar cheannródaithe ‘BUA in ITBÁC’ don bhliain acadúil 2017/18 agus riachtanais an tionscnaimh a chomhlíonadh.
Má tá Gaeilge agat, spéis agus fuinneamh agat an teanga a spreagadh agus a fhorbairt in ITBÁC, bí i dteagmháil linn!
Fáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar aon chlár in ITBÁC agus ó mhic léinn a bheidh ag freastal den chéad uair ar an Institiúid i mí Mheán Fómhair 2017.

Tá an Fhoirm Iarratais le fáil anseo

Spriocdháta d’Iarratais: 1 Iúil 2017

Roghnófar na hiarrthóirí rathúla ar bhonn foirmeacha iarratais agus agallamh.

Táimid ag súil go mór le cloisteáil uait!

BÚA – ‘Bain Úsáid Aisti’ – Use Irish in DIT is a new initiative organised by Oifig na Gaeilge – DIT’s Irish Language Office, for DIT students with Irish to encourage, inspire, promote and develop the use of Irish across DIT.

Scholarships to the value of €500 will be offered to students with Irish to promote the use of the language across DIT’s main campuses by organising exciting and inspiring opportunities to speak and to engage with the language!

Students will be required to:
• promote the use of Irish in engaging, creative, fun and innovative ways
• actively organise exciting social and cultural Irish language events across DIT
• promote Irish in DIT communications – social media, print, visual content etc.
• seek and support the development of Irish language services and the visibility of the language in DIT
• participate in ensuring the use of Irish in the new campus in Grangegorman
• inspire the use of Irish in our everyday lives and in the community – at home, with friends, at work, at school etc.

The Scholarships will be awarded to each student who successfully participates in the ‘BÚA in DIT’ initiative during the academic year 2017/18 and meets the conditions of the scheme.

If you have Irish, are inspired and energised in promoting and developing the Irish language in DIT, we want to hear from you!
Applications are welcome from current DIT students from all courses as well as first year students beginning in September 2017.

The BÚA 2017/18 Application Form is available here

Application Deadline: 1st July 2017

Successful candidates will be chosen on the basis of application form and interview and we look forward to hearing from you!

Siobhán Nic Gaoithín & Gráinne Ní Bhreithiún