Méid an Téacs

Ballagh Mar Aoi-Bhreithimh Ar Chomórtas Deartha CNED / Gaelscoileanna TEO

Samhain 1, 2006

PREAS RÁITEAS 1.11.06 – LE FOILSIÚ LÁITHREACH

 

BALLAGH MAR AOI-BHREITHIMH AR CHOMÓRTAS DEARTHA CNED / GAELSCOILEANNA TEO.

 

Is cúis áthais é do GAELSCOILEANNA TEO. comhthionscnamh nua a fhógairt le CNED (NCAD). Beidh an t-ealaíontóir Robert Ballagh mar Aoi-Bhreithimh ar chomórtas deartha atá á reáchtáil ag GAELSCOILEANNA TEO. i gcomhpháirt le CNED ina roghnófar an dearadh is fearr do dhealbh bhuan a bheidh mar phríomh-dhuais don chomórtas tallainne idirscoile, Scléip! atá á reachtáil ag GAELSCOILEANNA TEO. do scoileanna lánGhaeilge ag an iarbhunleibhéal ar bhonn uile-oileánda.

Fógrófar torthaí an chomórtais ag ócáid cheiliúrtha sa choláiste féin ag 100 Sráid Thómais, Baile Átha Cliath 8 ag 6.30 ar an dara lá de Shamhain 2006.

 

Tugadh cuireadh do mhic léinn CNED páirt a ghlacadh sa chomórtas chun dealbh a dhearadh a bheidh á bronnadh ar oll-bhuaiteoir an chomórtais Scléip! Mí Aibreán 2007. Roghnóidh an painéal de chúigear bhreithimh, an t-ealaíontóir cáiliúil Robert Ballagh ina measc, an dearadh is fearr agus bronnfar duais de €3000 ar an mbuaiteoir, a chlúdóidh costas deartha na deilbhe.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. an eagraíocht comhordaitheach do na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair.

 

Tuilleadh eolais: Seán Ó hAdhmaill

01-6398430

www.gaelscoileanna.ie