Méid an Téacs

Blaise de chlú na teilifíse d’údair agus eolaithe óga Mhúscraí

Meitheamh 26, 2013

NÍORBH leor dóibh a bheith ina réalta ar shraith teilifíse, anois tá na daltaí ó scoil i nGaeltacht Mhúscraí tar éis a mbliain acadúil a thabhairt chun críche agus iad mar aíonna i leabhar dá gcuid féin chomh maith.

Beidh lucht féachana TG4 in ann daltaí Scoil Abán Naofa i mBaile Mhúirne a fheiscint ag léiriú a gcuid eolais ghinearálta ar an gclár tráth na gceist ‘Bog Stop’ i dtreo deireadh na bliana seo, tar éis d’fhoireann ón scoil náisiúnta taisteal go Gaillimh chun sé chlár a thaifeadadh don sraith.

Thug bus daltaí agus múinteoirí faoin turas fada chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann seisear – Molly Ní Bhriain, Sarah Apraku, Aodhán Ó Luasa, Caoimhín Ó Donnchú, Cathal Ó Spiolláin agus Darragh Ó Loingsigh – a bhí san iomaíocht i gcoinne daltaí ó scoileanna i gConamara agus Luimneach.

Taispeánfar an sé chlár thar tréimhse coicíse, le dalta amháin á thaispeáint in aghaidh an lae ar shraith úd TG4, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

Ar shroicheadh an Taibhdhearc (Black Box Theatre) sa Ghaillimh dóibh, chuir beirt iardhalta de chuid Scoil Abán Naofa, Eibhlín Ní Chríodáin agus láithreoir Páidí Ó Lionáird, fáilte roimh na daltaí, a bhí faoi géarshúil na gceamaraí teilifíse agus iad ag bogadh trí ‘Chrios’ na scáileán plasma le ceisteanna á fhreagairt i gceart acu.

Go húr óna gcuid éachta teilifíse, bhí na daltaí ina n-údair foilsithe faoi dheireadh na scoilbhliana nuair a cuireadh a gcuid dánta agus scéalta san áireamh sa leabhar ‘Is Scríbhneoirí Sinn’, foilsithe ag Scholastic.

Chuir an 118 dalta, ó naíonáin bheaga go rang a sé, a gcuid saothair leis an tionscadal, faoi threoir an mhúinteora tacaíocht foghlama sa scoil, Marguerite Ní Chonchubhair.
“Scríobh gach duine acu saothar amháin ar a laghad, i nGaoluinn nó i mBéarla,” a mhínigh príomhoide na scoile Conchúr Ó Luasa. “Cheap cuid acu scéalta dá gcuid féin agus fuair cuid eile acu a gcuid inspioráide óna dtuismitheoirí agus seantuismitheoirí, ansan clóbhualadh na saothair ar fad agus cuireadh go Baile Átha Cliath iad le haghaidh foilsithe.”

Leis an tionscadal litearthachta san oiliúint, níor deineadh beag is fiú de ghnéithe eile an churaclaim ach an oiread, le Scoil Abán Naofa ag gnóthú a céad ghradam de chuid Discover Primary Science and Maths Excellence dá cuid oibre ag tabhairt na heolaíochta chun beogachta do na daltaí i réimse leathan slite praiticiúla.

Dhein na daltaí ó rang a trí agus ceathair staidéar ar insliú, téamh agus fuarú, mar aon le hionad breathnaithe aimsire a bhunú, le tomhas baistí dá gcuid féin. Ghlac siad páirt sa tionscnamh Greenwave Signs of Spring, ag uaslódáil sonraí nádúir chuig an suíomh gréasáin náisiúnta, agus d’eagraigh siad lá spraoi eolaíochta chun a gcuid taighde a thaispeáint don chuid eile den scoil.

Tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an Lifetime Lab i gCorcaigh thaifead siad a gcuid turgnamh agus taighde ar fad i leabhrán eolaíochta.
Tá a ngradam sármhaitheasa ar taispeáint anois i bhforhalla na scoile, tar éis d’uachtarán an Chumann Lúthchleas Gael, é a nochtadh le linn a chuairt ar cheantar Mhúscraí le déanaí.

Ghlac an scoil páirt don chéad uair chomh maith i gcomórtas peile Gael Linn a bhí ar siúl sa Rinn, agus i dteannta leis sin d’ardaigh an tUasal Ó Néill tríú brat glas na scoile, a bronnadh uirthi dá cuid caomhnú uisce.

Tá dhá bhrat bronnta ar an scoil cheana féin i gcomhair fuinneamh agus athchúrsáil agus bhain an tríú ceann le leibhéil ídithe uisce na scoile a thaifeadadh agus iad a laghdú dá réir sin trí an méid uisce i ngach sistéal leithris a laghdú agus buta uisce lasmuigh a shuiteáil.

Eagraíodh comórtas sluáin, leis an iontráil bhuaiteach ag Aodhán Ó Luasa, ‘Úsáid é, Sabháil é agus ná dearmad Cas as é’ ar taispeáint anois i ngach seomra ranga leis an tábhacht a bhaineann le sconnaí a mhúchadh a chur i gcuimhne do dhaltaí na scoile.

“Chabhraigh sé seo chun daltaí a chur ar an eolas faoi chaomhnú uisce, agus bhí roinnt suirbhéanna le déanamh ag na daltaí sa bhaile maidir le húsáid uisce i gcócaireacht agus gnáthúsáid teaghlaigh, agus ba mhór an t-ionchur a bhí ag an scoil trí chéile dá réir,” a dúirt Conchúr Ó Luasa.

Tar éis dóibh laghdú 19% a ghnóthú san ídiú uisce, tá pleananna idir lámha cheana féin ag foireann agus daltaí broidiúla na scoile dá gceathrú brat glas agus tá tús curtha acu le suirbhéireacht a dhéanamh ar na modhanna iompair a mbaineann na daltaí úsáid astu ag teacht chun na scoile dóibh.

www.eveningecho.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 26 Meitheamh 2013

Evening Echo -Scéalta ó Mhuscraí – Pet O’ Connell