Méid an Téacs

Cáinaisnéis 2011-2012 agus Impleachtaí do Scoileanna lán-Ghaeilge

Nollaig 16, 2011

Sa cháipéis seo ciallaíonn BL bunscoileanna agus IBL iarbhunscoileanna.

1.    DEIS

a.    BL, Banda 1: Sceideal ar leith nua cóimheas múinteoirí le daltaí fógartha: 22:1.
b.    IBL: Sceideal níos fabhraí cóimheas múinteoirí le daltaí: 18.25:1 (laghdú .75).
c.    Beidh an dá shocrú i bhfeidhm ó MF 2012 agus bunaithe ar an líon dalta sna scoileanna i Meán Fómhair 2011.
d.    Céimniú amach as ‘postanna oidhreachta’ (‘legacy posts’).  Bheimis buíoch de scoileanna DEIS (nó aon scoil eile) ach a chur in iúl dúinn san oifig ag oifig@gaelscoileanna.ie  an mbaineann na ciorraithe seo lena scoileanna.

2.    Postanna Freagrachta Iarbhunscoileanna

Beartais chun faoiseamh a thabhairt ar an moratóir ar phostanna Príomhoidí Cúnta. Sprioc, oiread agus is féidir, go gcoinneofar 50% de na postanna Príomhoidí Cúnta  faoi 2012/2013.

3.    Cóimheas múinteoirí le daltaí

Bunleibhéal:
Athraithe céimiúla ag tosú MF 2012 ar an gcóimheas do bhunscoileanna 1,2,3,4 oide (scoileanna le níos lú ná 86 dalta). Tá tuairim is 19 gaelscoileanna le níos lú ná 86 dalta; agus 23 le níos lú ná 100 dalta. Ciallaíonn na hathraithe seo brú millteanach do scoileanna beaga agus roinnt mhaith de  scoileanna Gaeltachta. Beidh impleachtaí móra ann dóibh. Beidh an líon múinteora i Meán Fómhair 2012 bunaithe ar líon na ndaltaí sa scoil ar an 30 MF 2011 mura bhfuil an scoil ag forbairt. Beidh an sceideal ceapacháin ar fáil do bhunscoileanna go luath i mí Eanáir.

Iarbhunleibhéal:
Le feidhm ó 2012/2013: múinteoir gairmthreorach le tógáil as an leithdháileadh caighdeánach. Bhí an post seo lasmuigh den chuóta go dtí seo agus bhí leithdháileadh faoi leith ann chuige.
Toradh: caillfear múinteoirí agus caillfear saineolas riachtanach do dhaltaí mura bhfuil an saineolas laistigh den leithdháileadh reatha.

Tá athchóiriú beartaithe ar an bpróiseas leithdháileadh mhúinteoirí. Sprioc: féinriar níos fearr do scoileanna a chothú; eolas níos luaithe do scoileanna mar gheall ar an leithdháileadh; simpliú ar an bpróiseas agus discréid d’úsáid na bpost a thabhairt do scoileanna. Beidh ciorclán le teacht ag deireadh Eanáir/ tosach Feabhra faoi.

4.    Deontas Caipitíochta

BL agus IBL: laghdú c2% ar an deontas caipitíochta reatha agus deontais ghaolmhara eile i 2012 agus i 2013 le laghdú breise 1% i 2014 agus i 2015. Cuirfear i bhfeidhm é ar na bunrátaí caipitíochta. Do scoileanna lán-Ghaeilge, is laghdú pro rata é, sé sin, anuas ar an socrú reatha (níos fabhraí) atá ag na scoileanna sin.
NB: Ní bhaineann an laghdú le scoileanna DEIS.

5.    Oiliúint Mhúinteoirí

Deireadh le deontas i dtreo costais freastal na n-ábhar oidí ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Toradh: impleachtaí anseo don tréimhse leathnaithe atá molta ag an gComhairle Mhúinteoireachta go tréimhse 9 seachtainí. Más freastal éigeantach é, titfidh an costas ar an rannpháirtí rud nach bhfuil réadúil do thréimhse chomh fada; más freastal roghnach é, beidh laghdú ar líon an fhreastail. Baol ann nach nglacfar le moladh na CM. Impleachtaí ann dá bharr do chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí.

6.    Ceapachán Phríomhoidí Riaracháin

Beidh sé seo bunaithe anois ar líon na ndaltaí amháin in áit an socraithe reatha go bhfuil sé bunaithe ar líon dhaltaí móide líon mhúinteoirí. Beidh an rud céanna i gceist le ceapacháin leas-príomhoidí. Baineann seo le bunscoileanna amháin.

7.    Príomhoidí Teagaisc agus imlonnú acmhainní foghlama

Bainfear an bac atá ar Phríomhoidí teagaisc a bheith ag feidhmiú mar mhúinteoirí acmhainní/tacaíocht fhoghlama.

8.    Tacaíocht fhoghlama agus tacaíocht teanga á chomhtháthú

IBL: Déanfar an tacaíocht fhoghlama agus tacaíocht teanga a chomhtháthú mar phróiseas aon leithdháileadh amháin.  Tabharfar breis tacaíochta do scoileanna a bhfuil líon mór daltaí ann a bhfuil tacaíocht teanga de dhíth orthu (tuigtear dúinn go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge i dteideal na tacaíochta teanga don Ghaeilge).

BL: próiseas amháin leithdháileadh d’acmhainní reatha – GAM (general allocation model) don tacaíocht fhoghlama agus múinteoirí tacaíochta teanga. Beidh sé bunaithe ar líon na bpost do mhúinteoirí ranga príomhshrutha sa scoilbhliain roimhe. Beidh leithdháileadh 5u.c (0.2 de phost) do gach scoil mheasctha nó buachaillí agus 4u.c (0.16) do gach post ranga príomhshrutha i scoil cailíní. Tá an leithdháileadh in ainm is cnuasach a éascú i dtreo postanna lán-aimseartha (25u.c sa tseachtain i ngach post lán-aimseartha) a chruthú.

Tabharfar breis tacaíochta do scoileanna a bhfuil líon mór daltaí ann a bhfuil tacaíocht teanga de dhíth orthu (tuigtear dúinn go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge i dteideal na tacaíochta teanga don Ghaeilge).

Is gá a chinntiú, sa chás go bhfuil múinteoir acmhainne nó tacaíochta foghlama á roinnt le scoileanna eile sa cheantar, go bhfuil Gaeilge chuí acu le feidhmiú trí mheán na Gaeilge, agus iad a bheith lonnaithe sa scoil lán-Ghaeilge más féidir.

9.    Eagrais Oideachais

Tháinig an t-eolas thíos ó phlécháipéis rialtais eile maidir le bealaí eile le hairgead a shábháil. Mar a fheicfidh sibh, an CNCM luaite mar eagraíocht le hionsú sa ROS agus tá COGG luaite mar eagraíocht a d’fhéadfaí a scor nó a ionsú sa Roinn Oideachais.

  • National Centre for Technology & Education – Ionsú sa ROS
  • National Council for Curriculum Assessment – Suí isteach sa ROS
  • Léargas – The Exchange Bureau – Ionsú sa ROS
  • National Centre for Guidance in Education – Ionsú sa ROS
  • Aontas – Ionsú sa ROS
  • Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta – COGG – Scor nó Ionsú sa ROS

Tá impleachtaí an-thromchúiseacha leis an dá mholadh seo, agus ceann faoi COGG ach go háirithe. Beimid ag tabhairt faoi fheachtas litreacha chuig na scoileanna san athbhliain agus bheimis fíor-bhuíoch díot as do chúnamh leis seo.

Gníomh:

a.    Ba mhór againn a chloisteáil ó scoileanna a mbeidh impleachtaí ann dóibh de bharr na gciorraithe seo.  Dá gcuirfí an t-eolas chugainn ar ríomhphost nó thar guthán, cuirfimid san áireamh é agus muid ag iarraidh faoiseamh éigin a lorg ón ROS.
b.    Reáchtáilfear cruinnithe san athbhliain más é toil na scoileanna go ndéanfar sin chun na himpleachtaí a phlé.
c.    Déanfar Comh-fheachtas le ESG, le ceardchumainn agus le páirtithe oideachais cuí eile bunaithe ar an eolas a thagann chugainn ó scoileanna. .

Tá na cáipéisí cuí a bhaineann leis an gcáinaisnéis á bhfáil ar www.ippn.ie agus www.into.ie.