Méid an Téacs

Carnabhal na nGaelscoileanna

Aibreán 11, 2017

nntuD6R-

 

 

 

Carnabhal na nGaelscoileanna

 

Reáchtálfar Carnabhal na nGaelscoileanna in Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, ón Mháirt 23/05/2017 go dtí an Aoine 26/05/2017. Beidh an ócáid ar siúl chomh maith in Ionad Spóirt Lár Uladh, An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain ar an Máirt 30/05/17.

 

Cuirfear fáilte roimh dhaltaí i nGaelscoileanna timpeall na tíre chuig an ócáid. Ar nós gach imeacht eile de chuid Chumann na bhFiann, beidh maoirseacht na ndaltaí ina dearbhthosaíocht ar an lá. Beidh idir Chinnirí, Fheighlithe, Ardchinnirí agus fhoireann lánaimseartha Chumann na bhFiann leo don lá iomlán. Beidh cosc ar labhairt an Bhéarla ar an lá. Ní mór duitfoirm iarratais a líonadh, na táillí a chur léi agus í a sheoladh go Carnabhal na nGaelscoileanna, Cumann na bhFiann, Droim Rí, Co. na Mí, roimh Aoine 28/04/2017.

 

Is féidir a dheimhniú cén aois ghrúpa ar a bhfuil na himeachtaí dírithe leis an liosta thíos;

Máirt 23/05/2017

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, Rang a 3 & 4

Céadaoin 24/05/2017

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, Rang a 3 & 4

Déardaoin 25/05/2017

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, Rang a 4 & 5

Aoine 26/05/2017

Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, Rang a 5 & 6

Máirt 30/05/2017

Ionad Spóirt Lár Uladh, An Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain, Rang a 4, 5, 6 & 7

Táille €15 / £10 an Duine (lón & gach imeacht a bheidh ar fáil san áireamh)

Éadaí spóirt agus bróga reatha amháin a cheadófar ar an turas.

Carnabhal na nGaelscoileanna 2017 (2)