Coicís go Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG
Samhain 10, 2017
Níl ach coicís ón lá inniu go dtí go mbeidh ár gcomhdháil bhliantúil oideachais, Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG, ar siúl. Tá líon an-ard scoileanna, taighdeoirí, eagraíochtaí agus institiúidí oideachais cláraithe ag an staid seo agus tá muid ag súil go mór leis an bplé bríomhar spreagúil ag an ócáid.
Tá clár an Tionóil agus gach eolas eile le fáil ag an nasc seo. Tá am ag daoine clárú go fóill.
Tá áthas orainn go mbeidh An tAire Stáit um Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor T.D., linn ar maidin leis an gcomhdháil a oscailt go hoifigiúil. Beidh an tOllamh Alan Titley linn san iarnóin le heochairaitheasc an Tionóil a thabhairt.
Ionadaíocht
Tá ionadaíocht ar fáil do Thionól Forbartha 2017 arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an Tionól Forbartha tríd an gcóras OLCS. Anuas air sin, tá ionadaíocht ar fáil d’aon phríomhoidí atá ag teagasc ach teagmháil a dhéanamh le COGG (01 6340831 nó eolas@cogg.ie ) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.