Méid an Téacs

COIRM GAEL LINN 2018 – cláraigh anois !

Samhain 9, 2017

Eagróidh Gael Linn sraith de fhéilte COIRM ar fud na tíre in ionaid oiriúnacha, le háiseanna maithe amharclannaíochta, le linn mhíonna Feabhra/Márta 2018. 

Ag Coirm, cuireann Gaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta seó i nGaeilge ar stáitse a léiríonn na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Fágtar a rogha féin de théama faoi gach scoil, agus bíonn meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó, ag a mbíonn teorann ama de 20 nóiméad.

Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach bíonn léirmheastóir i láthair, agus tugtar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte.

COIRM.1

 

Seo a leanas na dátaí sealadacha do na féilte éagsúla.  Cinnteofar na hionaid agus na dátaí seo nuair a bheidh na hiarratais uile istigh !

Dé Céadaoin 7 Feabhra 2018 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
Déardaoin 8 Feabhra 2018 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Máirt 27 Feabhra 2018 – Amharclann Hawks Well, Sligeach
Dé Céadaoin 28 Feabhra 2018 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
Déardaoin 1 Márta  2018 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
Dé hAoine 2 Márta 2018 – Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Dé Luain/Dé Máirt 5/6 Márta 2018  – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Máirt 13 Márta 2018  – Siamsa Tíre, Trá Lí

Tá gach eolas faoi rialacha Coirm, mar aon le foirm iontrála, ar fáil ag www.gael-linn.ie/coirm

Dáta deiridh iontrála – 18 Nollaig 2017