Méid an Téacs

Comórtas Dearadh Póstaer

Bealtaine 6, 2016

Níl ach coicís fágtha chun cur isteach ar Comórtas Dearadh Póstaer Fíbín don dráma AN TRIAIL agus deis agat luach €800 de dhuaiseanna a bhuachan!! Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!

Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android duit féin, póstaer sínithe le fráma do do scoil chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’ do do rang!! Ní hamháin sin ach gheobhaidh do rang seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó!!

Níl ort ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ar margaiochtfibin@gmail.com

20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus  féach treoirlínte an chomórtais thíos;

  • Déan do dhearadh ar pháipéar A3
  • Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
  • Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
  • Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
  • Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
  • Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann

Capture