Méid an Téacs

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2017

Feabhra 6, 2017

1

Foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, buaiteoirí Chraobh na Sóisear de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2017 a reáchtáladh i gColáiste na Tríonóide le déanaí.  Sa phictiúr tá ( ó chlé ), Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide, Fionnuala Uí Ráinne, múinteoir na foirne, Siobhán Ní Neachtain, Aisling Ni Chonghaíle agus Liadan Canny agus Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Aoi-chainteoir na hócáide.

1

Foireann shinsearach Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Clíona Ní Laoi, Clíodhna Breathnach agus Brian Mac Donncha, ag ceiliúradh a mbua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2017 le Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin agus Príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha (ar chlé ), le haoichainteoir na hócáide, Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, agus lena múinteoir, Máirín Ní Dhomhnaill (ar dheis).

 

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2017 –
an dá chorn ag foirne Chonamara!

Tá an dá chorn de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2017 imithe siar go Conamara!
Ag Craobh na hÉireann den chomórtas, a réachtáladh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 25 Eanáir, d’éirigh le foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, craobh na sóisir a thabhairt leo – an chéad uair don scoil sa chomórtas seo! Agus chuir sinsir Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua leis an líon mhór duaiseanna díospóireachta atá buaite ag an scoil thar na blianta chomh maith! Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus ghlac os cionn caoga foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Cúigear moltóir a bhí ar an bpainéal do Chraobh na hÉireann – Liam Mac an Mhaoir, Kate Ní Chonfhaola, Feilim Mac Donncha, Siún Ní Dhuinn agus Seán Mac Labhraí – agus bhí dúshlán mhór rompu na foirne bhuacacha a roghnú !
Sa rannóg shóisearach den chomórtas, bhí neart tuairimí ag na cainteoirí óga ar fad ar an ábhar tráthúil ‘Annus Horribilis’ a bhí sa bhliain 2016!’. Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ( Liadan Cann, Siobhán Ní Neachtain agus Aisling Ní Chonghaile) na buaiteoirí! Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú rua, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath agus Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimin. Threoraigh an múinteoir Fionnuala Uí Ráinne na cainteoirí óga agus iad ag ullmhú don bhabhta ceannais seo agus do na díospóireachtaí ar fad a bhí acu i rith an chomórtais.

Foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin (Clíodhna Breathnach, Brian Mac Donncha agus Clíona Ní Laoi) a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach. Éacht eile é seo don scoil, a bhfuil traidisiún láidir díospóireachta inti. Ba í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a bhí i mbun na foirne arís agus í an-bhródúil as a chuid scoláirí, ní nach íonadh. Sa díospóireacht seo freisin bhí foirne ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus ó Choláiste Pobail Ráth Chairn – scoileanna Gaeltachta uilig! Phléadar an rún ‘Bheadh Éire aontaithe ar leas mhuintir uile an oileáin seo!’ agus bhí na hóráidithe óga ag bréagnú a chéile tríd síos !

Is é Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, a bhí mar aoichainteoir ag an oíche agus stiúraigh sé na díospóireachtaí go paiteanta! Chuir sé an-spéis sna hábhair a bhí faoi chaibidil ag na foirne, agus mhol sé gach cainteoir as an tuiscint mhaith a léiríodar ar chúrsaí reatha!

Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh dearbháin de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach.

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Antoine Ó Coileáin,Príomhfheidhmeannach Gael Linn: ‘Cumas cumarsáide sa Ghaeilge agus dearcadh dearfach a chothú ‘sea mórchuspóirí Gael Linn sa réimse oideachais. Dá bhrí sin, is ábhar sásaimh dúinn an leibhéal rannpháirtíochta i gComórtas Uí Chadhain agus an t-árdchaighdeán díospóireachta atá á leiriú ag daltaí. Molaimid na múinteoirí as a ndúthracht agus a ndílseacht don chomórtas.’ Ghabh sé buíochas ar leith le hAonghus Dwane agus le hOifig Gaeilge an choláiste as a dtacaíocht le reáchtáil na hócáide i mbliana.