COMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA UÍ CHADHAIN 2017
Eanáir 19, 2017
Craobh na hÉireann, Téatar Stanley Quek, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 25 Eanáir 2017, 5.00 p.m.
FÁILE ROIMH CHÁCH !
Aoichainteoir: Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge
5.00 p.m. CRAOBH NA SÓISEAR
Rún: ‘Annus Horribilis’ a bhí sa bhliain 2016!
Foireann A: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Foireann B: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
Foireann D: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire
6.30 p.m. CRAOBH NA SINSEAR
Rún: Bheadh Éire aontaithe ar leas mhuintir uile an oileáin seo!
Foireann A: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Foireann B: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Foireann C: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Co. na Mí
Foireann D: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt ann i mbliana, agus tháinig an ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Bronnfar buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnfar duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bheidh rannpháirteach
Tuilleadh Eolais: Jamie Ó Tuama, Gael Linn,35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
T: 01/6753300 R.phost: jamieot@gael-linn.ie www.gael-linn.ie