Méid an Téacs

Craobh Ceannais Scléip 2012, 24 Márta

Márta 21, 2012

Is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. go mbeidh an comórtas tallainne náisiúnta Scléip ar ais ar stáitse arís i mbliana. Tá Scléip dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus tugann an comórtas deis do na daltaí ceol, rince agus drámaíocht a chur ar stáitse trí mheán na Gaeilge. Ghlac 21 scoil páirt sna babhtaí réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Doire agus Gaillimh i mí Feabhra agus Márta agus beidh daltaí ó 15 de na scoileanna sin ag dul in iomaíocht sa chraobh ceannais a bheas ar siúl ar an Satharn, 24 Márta in Amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath. Beidh an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó don ghrúpa is fearr san iomlán.

Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Cé go raibh na healaíona traidisiúnta mar chuid den chomórtas roimhe seo, cuireadh béim ar leith i gcomórtas 2012 ar na healaíona comhaimseartha. “Ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na daltaí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana, agus moltóirí proifisiúnta” a dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. agus bainisteoir ar Scléip. “Bhí na scoileanna an-spreagtha agus ghlac níos mó ná 500 daltaí páirt sna reamhbabhtaí – ba mhór an dúshlán a bhí ann do na moltóirí!” a dúirt sí. Tá ceoltóirí, drámadóirí, damhsóirí agus craoltóirí proifisiúnta i mbun moltóireacht ar an gcomórtas i mbliana, agus thugadar ardmholadh do na daltaí ag na babhtaí réigiúnacha as an muinín agus an tallann a léirigh siad ar stáitse. Bhí an ceoltóir John Spillane i measc na moltóirí i mbliana, agus d’inis sé do na daltaí gur thug comórtais dá leithéid spreagadh dó féin agus é ar scoil. Beimis ag súil leis go mbeidh clú agus cáil i ndán do rannpháirtithe Scléip amach anseo!

Ceoltóir eile a bhfuair spreagadh ón gcomórtas i mbliana ná Fiachna Ó Braonáin, giotáraí leis na Hothouse Flowers agus craoltóir le RTÉ. Tá sraith clár raidió á thaifead ag Fiachna bunaithe ar an gcomórtas agus beidh tallann na rannpháirtithe á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta i mí Aibreán. Tá súil ag GAELSCOILEANNA TEO. go mheallfaidh seo rannpháirtíocht níos airde sa chomórtas amach anseo agus go dtapóidh scoileanna eile an deis dá daltaí le páirt a ghlacadh in imeacht spreagúil, spraíúil agus spleodrach trí mheán na Gaeilge.

Seo thíos na scoileanna atá le bheith páirteach sa chraobh ceannais san Axis ar an 24 Márta:

  • Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
  • Colaiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Coláiste Chilliain, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall
  • Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Coláiste de hÍde, Baile Átha Cliath
  • Gael Choláiste Chill Dara
  • Gaelcholáiste Cheatharlach
  • Gaelcholaiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire A.G, Corcaigh
  • Gaelcholaiste Reachrann, Baile Átha Cliath
  • Meánscoil Gharman, Loch Garman
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall