Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar TG4!
Aibreán 19, 2013
http://www.youtube.com/watch?v=aysgMIB91IM&feature=youtu.be
Craolfar clár speisialta faoi Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2013 ar TG4, Dé Céadaoin 24 Aibreán, 10.30 p.m. Ghlac 8 ngrúpa thraidisiúnta ó cheann ceann na tíre páirt sa cheolchoirm iontach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar 14 Aibreán, 2013 agus is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a bhronn na duaiseanna. Bhí os cionn míle duine i láthair don ócáid. Beidh ceol agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil- ná caill é!