Méid an Téacs

CRUINNIÚ EOLAIS: GAELSCOILEANNA NUA AG OSCAILT SA CHÉIM AGUS I dTAMHLACHT I 2013

Meitheamh 5, 2012

Cuirfear mór-fháilte roimh thuismitheoirí a bhfuil spéis acu a gcuid páistí a chur chuig Gaelscoileanna nua atá beartaithe le n-oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht i 2013 agus beidh fáilte ar leith roimh éinne ar mian leo cabhrú leis na Gaelscoileanna nua a chur chun cinn. Tá na cruinnithe eolais seo á reáchtáil ag An Foras Pátrúnachta agus ag GAELSCOILEANNA TEO.  ar an Mháirt, 26 Meitheamh 2012 ag 8i.n. in Óstán Bewley’s, Baile na Lobhar, Baile Átha Cliath 18 agus ar an gCéadaoin, 27 Meitheamh 2012 in Óstán Maldron, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.

Chuir an dá eagrais an-fháilte roimh fhógra an Aire Ruairí Quinn i mí an Mhárta seo caite go mbeidh Gaelscoileanna nua ag oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht i mí an Mheán Fómhair, 2013, agus An Foras Pátrúnachta roghnaithe mar phátrún na scoileanna nua seo.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, an phátrún scoile is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, “Is iontach an scéal é go mbeidh Gaelscoileanna nua ag oscailt sa Chéim agus i dTamhlacht. Tá an t oideachas lán-Ghaeilge ag dul ó neart go neart, ach go háirithe le trí Ghaelscoil san iomlán ag oscailt sa chontae idir 2012 agus 2013 faoin bpátrúnacht céanna.” Beidh an scoil nua sa Chéim mar an dara Ghaelscoil faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta a bheidh lonnaithe sa cheantar, ó d’oscail Gaelscoil Thaobh na Coille i 1995 agus tá sí ag fás ó shin. Lean Ó hEaghra ag rá go “gcuirfidh na Gaelscoileanna nua go mór leis na ceantair agus sásóidh siad an t-éileamh láidir atá ann don oideachas lán-Ghaeilge.” Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO., go mór roimh oscailt na scoileanna nua. Deir Ardfheidhmeannach na heagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin, i leith na bhforbairtí seo in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge, “Tá an-áthas orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt don éileamh mór ar scoileanna lán-Ghaeilge trí Ghaelscoileanna a cheadú do na ceantair seo. Mar eagraíocht atá ag plé le bunú agus forbairt na scoileanna lán-Ghaeilge uile ar bhonn náisiúnta le 40 bliain anuas, deimhníonn fás na gluaiseachta seo go bhfuil tuiscint ag méadú go forleathan agus go tréan sa phobal go bhfuil iliomad buntáistí ann do pháistí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge. Tá an tuiscint ag méadú go gcuirtear sár-chaighdeán oideachais ar fáil do gach páiste ó gach cineál cúlra socheacnamaíochta, teangeolaíochta agus inniúlachta agus is iontach an deis í do pháistí i gceantair na Céime agus Tamhlacht a bheith páirteach sa chóras fíor-éifeachtach seo. ”

Beidh deis ag tuismitheoirí a bpáistí a chlárú sna scoileanna ag na cruinnithe poiblí seo, agus beidh foireann An Foras Pátrúnachta agus foireann GAELSCOILEANNA TEO. i láthair le buaileadh le tuismitheoirí agus ceisteanna a fhreagairt. Cuirfear eolas ar fáil maidir leis na Gaelscoileanna nua, buntáistí na gaelscolaíochta agus conas is féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i mbunú agus i gcur chun cinn na scoileanna. Ba mhór linn buaileadh leat ann más spéis leat do pháiste a chlárú, tuilleadh eolais a fháil nó ról lárnach a ghlacadh i dtodhchaí na scoileanna.

Tuilleadh eolais:

An Foras Pátrúnachta
Caitríona Bairéad, Oifigeach Forbartha :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110 :: www.foras.ie

GAELSCOILEANNA TEO.
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha :: cspainneach@gaelscoileanna.ie :: 01- 853 5193 :: www.gaelscoileanna.ie

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá 61 bunscoil agus 3 meánscoil faoi phátrún An Foras Pátrúnachta. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu. An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Bunaíodh an eagraíocht i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tugann an eagraíocht spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Tá 175 bunscoil lán-Ghaeilge agus 41 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair.

26/06/2012 ag 20:00

An Chéim

Óstán Bewley’s, An Pháirc Láir, Baile na Lobhar, B.Á.C. 18

27/06/2012  ag   20:00

Tamhlacht: Teach na Giúise/An Seanbhábhún

Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh(N81), Tamhlacht, B.Á.C. 24