Méid an Téacs

Curaidh Féile Peile Mhúscraí ag ceiliúradh !

Bealtaine 19, 2016

Gaelscoil Mhic Easmainn

GAELSCOIL MHIC EASMAINN: Seaimpíní Féile Peile Gael Linn na Mumhan don tríú bliain as a chéile, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua i mBéal Átha an Ghaorthaidh,  in éineacht lena gcuid múinteoirí, Déaglán Ó Cuill, Colm Ó hAiniféin agus Cáit Uí Churraín ( ar chúl ).

Bronnadh

BRONNADH: An bheirt chaptaen ar fhoireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Seán Ó Duilleáin  agus Aisling Ní Ainiféin, ag glacadh le Corn Gael Linn ó Sheán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta an eagrais.

 Tá foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn ag ceiliúradh tar éis a mbua don triú huair as a chéile ag Féile Peile Gael Linn na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh le déanaí ! Macasamhail craobh na bliana seo caite, fuaireadar an ceann is fearr ar fhoireann chomhnascaithe ó Scoil Eoin Baiste, Lios Póil agus Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh ó Chorca Dhuibhne, an t-am seo le scór 9-12- 9-2.        

Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá, Dé Céadaoin 18/Déardaoin 19 Bealtaine, agus bhí aimsir bhreá ann ó thús deireadh! Tá Gael Linn an-bhuíoch de  Chumann CLG Bhéal Átha an Ghaorthaidh as ucht an pháirc agus gach áis timpeall air a chur ar fáil don ócáid. Ocht bhfoireann ar fad a bhí páirteach sa chomórtas agus iad roinnte i ndá ghrúpa.  I ngrúpa amháin, bhí an fhoireann baile, Scoil Fhionnbarra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Scoil Bhaile Mhic Airt, An Seanphobal, Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí agus foireann nascaithe ó S.N. Eoin Baiste, Lios  Póil agus Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh.  Sa ghrupa eile bhí Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí, S.N. an Chlocháin, Clochán Bhréanainn, Scoil Abán Naofa, Baile Mhúirne agus Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra.    Bhí ar a laghad trí chluiche ag gach foireann i rith na féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh.

Cé go raibh an-imirt sa Chraobh idir fhoirne Thrá Lí agus Lios Póil/Baile an Fheirtéaraigh, bhí an lámh in uachtar tríd síos ag scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn.  Bhí ríméad an domhain ar na peileadóirí óga agus ar a gcuid múinteoirí, Déaglán Ó Cuill, Colm Ó hAiniféin  agus Cáit Uí Churraín, ní nach ionadh ! Ghlac an bheirt captaen, Seán Ó Duilleáin agus Aisling Ní Ainiféin,  leis an gcorn ar son na foirne buacaí ó Sheán Ó Ceallaigh, Gael Linn.

 Ba é Domhnall Ó Murchadha ó Ghaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge a bhí i mbun riaradh na gcluichí le linn na féile, agus ba iad Caoimhín agus Éanna Ó Conghaile ó Chonamara a bhí mar

réiteoirí.  D’aontaigh siad uilig go raibh sár-chaighdeán peile ag na himreoirí óga ar fad, idir bhuachaillí agus cailíní, agus gur imríodh gach cluiche go spórtúil.

Cuireadh lóistín ar fáil do na cuairteoirí i gColáiste na Mumhan,  le cabhair  agus comhoibriú ó Ghearóid Ó hÉalaithe.  Chomh maith leis na cluichí peile, ghlac na scoláirí páirt sna imeachtaí oíche a eagraíodh dóibh –quizboird, ceolchoirm agus céilí.

Ba é seo an chéad cheann de dhá fhéile peile a bheidh ar bun i gCúige Mumhan i mbliana chun freastal ar an mhóréileamh ó scoileanna.  Reáchtálfar an dara féile cúige i gColáiste na Rinne, Contae Phort Láirge ar an 2 agus 3 Meitheamh.

Críoch

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca – 01:6753303/niamh@gael-linn.ie