Méid an Téacs

Dea-scéal fógartha sa Bhuiséad do Scoileanna Aon-Oide

Deireadh Fómhair 12, 2016

Fáiltíonn Gaeloideachas (Gaelscoileanna Teo.) roimh fhógra an Aire Bruton go gceadófar an dara múinteoir do gach scoil oileáin gur scoil aon oide í agus an dara múinteoir do gach scoil gur scoil aon oide í ar an mórthír a bhfuil múinteoir i bhfeighil 6 rang nó os a chionn. Ar fíor-bheagán infheistíochta ag leibhéal na Roinne, tá inmharthanacht scoileanna beaga oileáin níos daingne. Gabhann muid buíochas leis an Aire Kyne, T.D. a chabhraigh go mór le feachtas Scoil Náisiúnta Inis Meáin ina leith, agus a léirigh an-tacaíocht do chás na scoileanna beaga, inmharthanacht na n-oileán agus caomhnú na Gaeilge. Comhghairdeas leis na scoileanna a mbaineann an dea-scéal seo leo. Tá sé i gceist ag Gaeloideachas tabhairt faoi fheachtas stocaireachta ar cheist an chóimheasa sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sna míonna atá romhainn.