Méid an Téacs

Dúil sa Ghaeilge … Dúil sa Bhia … ní gá féachaint níos faide ná Scoil Chócaireachta an Daingin!

Deireadh Fómhair 10, 2016

lDeireadh Seachtaine Bia & Beocht, 12 & 13 Samhain

 Thar an deireadh seachtaine seo beidh ranganna cócaireachta, taispeántas cócaireachta, siúlóid treoraithe le scéalaíocht, filíocht agus amhránaíocht maraon le bia álainn i gcóir lón agus dinnéar!

Tósóidh an deireadh seachtaine seo le fáiltiú beag le tae, caife agus blastóga beaga. Leanfar seo le rang cócaireachta teagmhálach agus lón!!! Tar éis lón blasta beidh siúlóid treoraithe le Muiris Ó Scanláin, siúlóid taitneamhach le scéalaíocht, filíocht agus amhránaíocht meascaithe isteach leis! Tiocfar thar n-ais an scoil i gcóir dinnéar an tráthnóna sin. Maidin Domhnach beidh rang cócaireachta teagmhálach ‘briclóin’ … sin meascán do bhricfeast agus lón!!! Ina dhiadh san beidh taispteántas cócaireachta roimh a fhágfar slán leis an scoil.

Tá liosta lóistín le rátaí speisialta mar pháirtithe again, mar sin má tá lóistín ag teastáil ní gá ach é a lua linn agus tú ag cur an deireadh seachtaine seo in áirithe.

Costas iomlán an deireadh seachtaine seo ná €220.

Má tá suim agat teacht go dtí an deireadh seachtaine iontach seo ní gá ach dul i dteagmháil linn ar:

r-phost info@dinglecookeryschool.ie

fón 086 872 3521

suíomh www.dinglecookeryschool.ie