Méid an Téacs

Eolas míchruinn mar bhunús le ráiteas an Aire ar chleachtas rollacháin na scoileanna lán-Ghaeilge

Aibreán 5, 2013

Tá díomá léirithe ag GAELSCOILEANNA TEO. faoi ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna maidir le toradh an athbhreithnithe ar an bpróiseas rollacháin do scoileanna, mar a tuairiscíodh in alt san Irish Independent ar an 4 Aibreán faoin teideal “Irish language schools targeted over restrictive entrance rules”. Chur an ráiteas a tuairiscíodh ann cleachtas sriantach i leith próisis rollacháin scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.

D’fhógair an tAire le déanaí go bhfuil dréacht bhille á ullmhú aige le cur faoi bhráid an Oireachtais go luath chun rialachán a chur faoin gcleachtas rollacháin agus iontrála i scoileanna uile na tíre. De réir ráitis an Aire, beidh mar bhunús ag an ndréacht bhille go mbeidh, i measc eile, córas aonchineálach amháin do gach cineál scoile, beag beann ar shainmheon teanga na scoile. Eascraíonn an dréacht bhille as comhairliúchán a rinne an tAire i 2011 leis na páirtithe oideachais, GAELSCOILEANNA TEO. ina measc.

Dheimhnigh GAELSCOILEANNA TEO. ina aighneacht chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an gceist seo gur córas oscailte agus cuimsitheach atá sa chóras gaelscolaíochta ina bhfáiltítear roimh pháistí ó gach cineál cúlra. D’aithin an aighneacht an dúshlán i dtaobh ró-éileamh a bhaineann le roinnt scoileanna, rud a fhágann nach mbíonn an deis ar oideachas lán-Ghaeilge ag gach páiste ar mian leo é. I gcás na scoileanna seo ach go háirithe, aithníodh an riachtanas a bhaineann le cur chuige a chaomhnaíonn sainmheon agus polasaí teanga na scoileanna.

Léiríonn an ráiteas a tuairiscíodh san Irish Independent, áfach, míthuiscintí ó bhonn. Léiríonn an cleachtas sna scoileanna go bhfáiltítear roimh theaghlaigh le gach leibhéal cumais sa Ghaeilge, agus roimh theaghlaigh gan chumas ach a léiríonn spéis agus tiomantas do chur chun cinn na teanga, rud a théann glan i gcoinne ráiteas an Aire.

D’ardaigh Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Máirín Ní Chéileachair, ceist faoi bhunús taighde an ráitis a tuairiscíodh agus mhol sí “go mbeadh sé níos réadúla breathnú ar bhunús na faidhbe seo, is é sin nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh. Dá ndéanfaí freastal cuí ar an éileamh suntasach atá ann do scoileanna lán-Ghaeilge ní bheadh reachtaíocht de dhíth ar an gceist seo. Baineann an cheist seo leis an 30% de bhunscoileanna agus an 20% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh. In áit cur leis an soláthar, réiteach fadtéarmach a shásódh mianta uile na dtuismitheoirí arb é a rogha oideachas é ná an gaeloideachas, tá éilíteachas agus cleachtas sriantach á chur i leith na scoileanna.” Luaigh an alt céanna go bhfuil thart ar 100 gaelcholáiste sa tír faoi láthair, rud atá míchruinn. Tá 35 iarbhunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae, 5 sna 6 contae, agus 21 iarbhunscoil ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. leis an gcomhairliúchán go díreach leis an Aire, leis an Roinn agus leis na hionadaithe poiblí ar an gceist seo chun leas na Gaeilge agus na gaelscolaíochta.

Tuilleadh eolais:
Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.
0872861655 | mairinnicheileachair@gmail.com
Nóra Ní Loingsigh, Leas-Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.
01 8535191 | nora@gaelscoileanna.ie