Craobh Ceannais Scléip – Liosta na mBuaiteoirí
Márta 11, 2013
Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath, 9 Márta 2013
B’iontach an lá a bhí againn san Axis, le 16 scoil ag dul in iomaíocht sa chraobh agus ag cur siamsaíocht agus spreagadh ar stáitse romhainn. Bhí ríméad orainn Kìla a bheith linn don lá, bhí Rossa mar fhear a’ tí agus Rónán, Colm agus Eoin i mbun moltóireacht. Bhí dúshlán acu buaiteoirí a roghnú toisc feabhas agus ard-chaighdeán na léirithe ar fad agus thug siad ard-mholadh do na rannpháirtithe uile as an muinín agus tallann a léirigh siad os comhar an tslua. Tá moladh ag dul don slua chomh maith, na tuismitheoirí, múinteoirí agus comhscoláirí a thug tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí i rith na bliana agus ar lá na craoibhe féin; go raibh maith agaibh as bheith linn agus tá bualadh bos mór tuilte agaibh!
Cuirfear na grianghraif ón lá ar an suíomh go luath, agus seolfar cóipeanna amach chuig na scoileanna chomh maith. Beidh 5 chlár bunaithe ar Scléip á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta sna míonna amach romhainn, cuirfear fógra maidir leis na dátaí anseo a luaithe is a mbeidh siad deimhnithe.
Ba mhór linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn Scléip a chur ar stáitse i mbliana; na scoileanna, na múinteoirí, na daltaí agus a dtuismitheoirí, na moltóirí agus láithreoirí, foireann na hamharclann, Fiachna Ó Braonáin agus Raven Productions, Kìla, Niamh Spain (a rinne na duaiseanna), Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Foras na Gaeilge. Táimid ag súil cheana féin le Scléip 2014!
Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, comhghairdeas mór libh uilig.
Ceol nua-aimseartha (aonair):
- Muireann agus Sinéad, Coláiste an Eachréidh (sóisear)
- Na Sliomadóirí Slim Sleamhain, Coláiste Cois Life (sinsear)
Ceol nua-aimseartha (grúpaí):
- Sorcha Ní Chionnaith, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
- Amy Ní Cholgáin, Coláiste Cois Life (sinsear)
Rince cruthaitheach (aonair):
- Tara Ní Dhuinnín, Gaelcholáiste Chiarraí (sóisear)
- Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear)
Rince cruthaitheach (grúpaí):
- Andi agus Izzie, Coláiste Pobail Osraí (sóisear)
- Beo le Ceol, Coláiste de hÍde (sinsear)
- Na Gnáth Amhrastaigh, Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
- An Basadóir, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
- Clíona Ní Ghallchóir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
- Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Duais an Spotsholais:
Bronnta ar an iomaitheoir go bhfeiceann na moltóirí cumas ann; nach bhfuil an duais rannóige buaite aige i mbliana ach gur fiú faire amach dó sna todhchaí
- Cathal Ó Cuireáin, Pobalscoil Ghaoth Dóbhair
- Na Seacht bPeaca Mharfacha, Gaelcholáiste Chill Dara
- Gearóid Ó Gealbháin, Gaelcholáiste Chiarraí