Cruinniú Poiblí maidir le Gaelcholáiste an Phiarsaigh, scoil nua i nDún Droma
Feabhra 27, 2013
Eagrófar cruinniú poiblí ar an Déardaoin, 14 Márta 2013, in Óstán Bewleys, Baile na Lobhar faoi oscailt an Ghaelcholáiste nua, Gaelcholáiste an Phiarsaigh i mí Mheán Fómhair 2014.
Dar le Cathaoirleach an ghrúpa bhunaithe, Lorcán Mac Gabhann, “is cúis cheiliúrtha dúinn uilig í gur cheadaigh An Roinn Oideachais agus Scileanna Gaelcholáiste nua, faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnacht na Scoileanna lán-Ghaeilge, a fhreastalóidh ar Dhún Droma agus na ceantair mór thimpeall air do na blianta fada amach romhainn.”
Tá éileamh fíorard ar an hIar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge reatha i mórcheantar dheisceart Átha Cliath. Bainfidh bunú Ghaelcholáiste an Phiarsaigh an brú ollmhór atá ar na scoileanna sin agus freastalóidh sé ar na daltaí sin nach bhfuil áit iontu dóibh.
Chuir an tUas Mac Gabhann in iúl, “go mbeidh deis ag tuismitheoirí teacht ag an gcruinniú poiblí ar an 14 Márta 2013, áit go mbeidh siad in ann éisteacht le hurlabhraithe éagsúla a dhéanfaidh cur síos ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar thodhchaí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh. Beidh deis, freisin, foirm chlárúcháin a fháil ag an gcruinniú.”
http://www.gaelcholaiste.com/nua/