Méid an Téacs

Deis deiridh clárú do Thionól Forbartha 2018 – dornán spásanna fágtha!

Samhain 6, 2018

Níl Tionól Forbartha 2018 i bhfad uainn anois! An mbeidh ionadaithe ó do scoil i measc an 300+ toscaire a bheas i láthair in Óstán an Clayton, Gaillimh, ar an 16ú Samhain?

An bhfuil tusa nó comhghleacaithe leat ag iarraidh breis a fhoghlaim faoin gcódú agus cúrsaí teicneolaíochta, conas dráma simplí a léiriú, bealaí praiticiúla le teanga na matamaitice a fhorbairt, an Ghaeilge lasmuigh agus laistigh den seomra ranga, acmhainní nualácha don 21 hAois, nó conas plé le scoláirí le riachtanais speisialta oideachais sa suíomh lán-Ghaeilge? Beidh ceardlanna ar na hábhair seo agus neart eile ar chlár na bliana seo.

Tá scoth na gcainteoirí le bheith linn lena gcuid saineolais, taighde agus smaointe nuálacha a roinnt. Ina measc, beidh Gearóid Ó Tuathaigh, Deirdre Ní Dhorchaí, Seán Ó Grádaigh, Lydia Uí Ruairc, Frank Ó Tormaigh, Fil Uí Dhubhghaill, Monica Ní Choitir, Muireann Ní Bheaglaoich, Pádraig Ó Duibhir, T.J. Ó Ceallaigh, agus go leor cainteoirí eile den scoth.

Beidh deiseanna iontacha forbartha gairmiúla ar fáil ó 09.30 ar aghaidh go 17.15, agus deiseanna sóisialaithe agus líonraithe le hiliomad múinteoirí agus príomhoidí eile le toscairí ag teacht ó scoileanna DEIS, scoileanna uirbeacha, scoileanna beaga, scoileanna Gaeltachta agus eile.

Ná déan dearmad go bhfuil an fáiltiú agus mórdhinnéar ceiliúrtha san áireamh sa bpraghas le clár iontach siamsaíochta an oíche sin – lúibíní, ceol le Kíla, agus duaischarta le go leor duaiseanna den scoth a bhuachan.

Tapaigh an deis agus cláraigh inniu. Is é an dáta deiridh don chlárúchán ná 12 Samhain 2018. Níl ach 40 spás fágtha againn anois!

Clárúchán 

Clár 2018