Méid an Téacs

Imní ar scoileanna Gaeltachta maidir le ráiteas na Roinne i leith soláthar múinteoirí d’fheidhmiú an Pholasaí Oideachas Gaeltachta

Feabhra 15, 2017

D’fhógair an Roinn Oideachais & Scileanna inné nach mbeidh aon mhúinteoir breise á cheapadh faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta don scoilbhliain 2017/18. Tá gealltanais shonracha tugtha sa pholasaí go mbeidh soláthar de 30 múinteoir bunscoile agus de 30 múinteoir iarbhunscoile ar fáil mar mhúinteoirí breise (ex-quota) do scoileanna Gaeltachta ó 2018/19. Ábhar oidí ó chúrsaí ar leith a bheadh i gceist leis na múinteoirí seo, ach tá baol ann, áfach, nach mbeidh na céimeanna cuí glactha in am ag an Roinn Oideachais leis an scéim seo a chur i gcrích faoin spriocdháta aitheanta. Tá sé ráite sa Polasaí don Oideachas Gaeltachta go gcuirfear tús le Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM), agus go mbeidh an clár úrnua sin ag soláthar áiteanna do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19. Níl an clár oiliúna sin curtha amach ar tairiscint go fóill, áfach. Ag an iarbhunleibhéal, is í an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an t-aon chlár atá ann faoi láthair a chuireann oiliúint trí Ghaeilge ar fáil d’ábhar oidí iarbhunscoile. Is 34 múinteoir nua-oilte a bheidh an cúrsa sin á chur ar fáil don scoilbhliain 2017/18, agus ní leor iad le freastal ar an éileamh ó na scoileanna.

Níl aon dáta tugtha ag an Roinn ach an oiread faoin uair a bhfuil sé i gceist aici na múinteoirí breise a cheapadh, rud a fhágann scoileanna na Gaeltachta ag feidhmiú i bhfolús i láthair na huaire. “Saincheisteanna iad seo i dtaobh cur i bhfeidhm an Pholasaí” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “agus cé go bhfáiltíonn muid roimh an Pholasaí féin, is gá soláthar cuí a dhéanamh le scoileanna a chumasú le tabhairt faoi, chun go mbraithfidh siad úinéireacht ar an bPolasaí agus go mbeidh sé mar thacaíocht seachas mar bhagairt dóibh. Tá Gaeloideachas ag súil go mór le bheith rannpháirteach sa choiste chomhairleach chun go mbeidh guth na scoileanna féin le cloisteáil ag gach staid den phróiseas romhainn”.