Méid an Téacs

Oíche eolais do thuismitheoirí maidir leis an ngaelscoil nua, An Chéim, 20 Márta 2013

Márta 6, 2013

Osclófar Gaelscoil nua sa Chéim i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.

Beidh an scoil nua lonnaithe i sráidbhaile Aiken. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.

Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir.

Reáchtálfar oíche eolais do thuismitheoirí na bpáistí – a bheidh ag tosú sa scoil i Meán Fómhair 2013 – i nGaelscoil Thaobh na Coille sa Chéim ar an gCéadaoin 20 Márta 2013. Tosóidh an cruinniú ag 7pm.

Thosaigh an An Foras Pátrúnachta, pátrún na scoile nua, ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile sa Chéim i 2011 agus d’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta tuismitheora a fháil. Rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar phátrúnacht don scoil nua ansin i mí Dheireadh Fómhair, 2011.

I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn,an phátrúnacht do na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair, 2012 agus mí Mheán Fómhair, 2013. Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoileanna nua faoin bpátrún, sa Chéim san áireamh, a bheidh ag oscailt i 2012 agus 2013.

Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal. Tá 61 bunscoil agus 5 mheánscoil faoina phátrúnacht.

An Foras Pátrúnachta :: +353-1-6294110 :: eolas@foras.ie