Méid an Téacs

Ráiteas Gaeloideachas maidir le dífheistiú pátrúnachta agus soláthar lán-Ghaeilge

Feabhra 1, 2017

Fógraíodh ar an 30 Eanáir 2017 go bhfuil plean nua ag an Aire Oideachais & Scileanna le dífheistiú pátrúnachta a chur chun cinn ar mhaithe le freastal ar éileamh ar scoileanna ilchreidmheacha agus neamh-shainchreidmheacha. Tá ráiteas an Aire ina leith ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna: https://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2017-Press-Releases/PR17-01-30.html

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh tiomantas an Aire an próiseas dífheistithe a bhrú chun cinn. Aithníonn muid go mbeidh deiseanna ann do scoileanna lán-Ghaeilge pátrúnacht a aistriú, nó sainmheon creidimh na scoile a athrú faoina bpátrún reatha. Tuigeann muid go mbeidh éileamh ar a leithéid i measc na scoileanna lán-Ghaeilge, fáiltíonn muid roimhe agus táimid ag súil leis go dtabharfaidh an próiseas dífheistithe misneach agus tacaíocht dóibh le hathruithe a chur i bhfeidhm nuair is léir gur sin atá óna scoilphobail.

Tá Gaeloideachas buartha, áfach, go ndéanfar faillí ar na pobail nach bhfuil soláthar lán-Ghaeilge ar fáil dóibh cheana féin ag an mbunleibhéal. Níor pléadh an próiseas athbhreithnithe leis na páirtithe Oideachais, Gaeloideachas ina measc, sular fógraíodh an cur chuige nua, agus níor tugadh deis dúinn an bhuairt seo a phlé. Ní léir go bhfuil measúnú nó freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge san áireamh sa chur chuige beartaithe, ainneoin gur aithníodh freastal ar éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar cheann de na príomhfheidhmeanna a bheadh ag an bpróiseas dífheistithe.

Ní oireann cur chuige an aistrithe bheo d’athrú sainmheon teanga scoile. Ní léir dúinn go bhfuil féidearthacht ann go mbeidh breis scoileanna lán-Ghaeilge mar thoradh ar an bpróiseas seo. Tá ró-éileamh suntasach ar áiteanna i 30% de na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair, agus go leor ceantair eile ann nach bhfuil rochtain ag páistí iontu ar scoileanna lán-Ghaeilge ar chor ar bith. Léirigh taighde ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go roghnódh 23% de dhaoine scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh sé mar rogha acu, ach is níos lú ná 8% de pháistí a bhfuil na scoileanna in ann freastal orthu faoi láthair. Ní léir go bhfuil foráil shoiléir sa mheicníocht mholta chun forbairt an tsoláthair riachtanach seo a éascú; fágfar na páistí a mbeadh ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh sé mar rogha acu ar lár.

Tá iarratais seolta ag Gaeloideachas chuig an Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton, agus Ard-Rúnaí na Roinne, Seán Ó Foghlú, ag éileamh go dtabharfaí faoi comhairliúchán ar bhonn práinne leis na páirtithe Oideachais sula gcuirfear an próiseas athbhreithnithe i bhfeidhm, chun go mbeidh deis cothrom ann leis na himpleachtaí a bheadh ag an gcur chuige do pháistí, tuismitheoirí agus scoileanna a phlé. Fáiltíonn muid roimh teagmháil ó scoileanna ar mian leo impleachtaí an phróisis dá gcás féin a phlé linn – déan teagmháil le Clare ar 01-8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.