Méid an Téacs

Athfhógairt: Riarthóir Oifige lán-aimseartha á lorg ag Gaelscoileanna Teo.

Aibreán 30, 2015

Conradh 3 Bliana

Duine fuinniúil, le sár scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth, a bhfuil spéis, taithí agus tuiscint aige/aici ar réimse an oideachais lán-Ghaeilge.

Scála Tuarastail: Oifigeach Cléireachais: €20,859 – €33,607

Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe: 5.00 i.n. Dé Céadaoin, 10ú Meitheamh 2015

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.