Méid an Téacs

Tacaíocht mhéadaithe léirithe ag an bPobal i leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais de réir Tuairisc nua ón ITES

Lúnasa 7, 2015

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh fhoilsiú ‘Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge’, tuarascáil taighde uile-oileáin, foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge. Tá an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh mar chuid de dhá shuirbhé uile-oileáin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge i 2001 agus arís i 2013. Léiríonn na torthaí taighde go bhfuil dearcadh dearfach ag an bpobal i leith na teanga, agus go bhfuil tacaíocht leanúnach láidir ann don Ghaeilge.

Éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge
Léiríonn na torthaí taighde go bhfuil méadú suntasach tagtha ar thacaíocht an phobail don oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt 23% dóibh siúd a ceistíodh go gcuirfidís a gcuid páistí chuig bunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh a leithéid cóngarach don bhaile. 13% a dúirt go mbeadh éileamh acu ar a leithéid i 2001. Roghnódh 18% iarbhunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh an deis ann, méadú mór ón 8% a léirigh an rogha céanna i 2001.

“Tá na torthaí seo ag teacht go hiomlán leis an ró-éileamh a fheiceann Gaelscoileanna Teo. ar na scoileanna lán-Ghaeilge” a deir Cathnia Ó Muircheartaigh, Uachtarán Gaelscoileanna Teo. “Tá 30% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar éileamh agus diúltaíodh áiteanna iontu do bhreis agus 1500 páiste anuraidh” a deir sé.

Tacaíocht an phobail do scoileanna lán-Ghaeilge
Cé go bhfuil líon na ndaoine a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí sa mhionlach, léirigh torthaí taighde an ITES gur aontaigh 72% dóibh siúd a ceistíodh gur chóir don rialtas scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil áit ar bith is mian leis an bpobal iad. “Tá níos lú ná 10% de scoileanna na tíre seo ina scoileanna lán-Ghaeilge” a dúirt Ó Muircheartaigh. “Go minic ní bhíonn rochtain ag tuismitheoirí ar scoil lán-Ghaeilge toisc nach bhfuil ceann in achar réasúnta taistil, nó toisc go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar lán. Ainneoin seo, tá sé fíor-dheacair scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú toisc critéir na Roinne Oideachais & Scileanna maidir le soláthar nua. Is gá don Stáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna seo idir soláthar agus éileamh, agus freastal a dhéanamh ar mhianta tuistí agus cearta a gcuid páistí”.

Tá próiseas ar bun faoi láthair ag an Roinn Oideachais & Scileanna le pátrúnacht bunscoileanna nua a aithint. Déanfar iarratais ar 2 bhunscoil lán-Ghaeilge a oscailt i 2016, ceann i dtuaisceart agus ceann eile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá iarratais cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais & Scileanna maidir le 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua. “Dá gceadófaí oscailt na scoileanna seo, laghdódh sé an brú ar an earnáil agus thabharfadh sé deis do ghlúin eile buntáiste breise na Gaeilge a bheith leo ina saoil” arsa Ó Muircheartaigh. “Tá fianaise ann anois go bhfuil tacaíocht an phobail ann dóibh, ach is gá go mbeadh tacaíocht cuí ann don chóras ón Stáit chomh maith.”

Tá taighde iomlán an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le fail anseo:

Dearcadh an Phobail – Achoimre Gaeilge