Méid an Téacs

Féile Scanánaíochta Fhine Gall

Aibreán 19, 2017

festival_cover_photo_cropped_197030

 

Tá iarraitaisí á ghlacadh anois ar son Féile Scanánaíochta Chontae Fhine Gall. Tá sé mar aidhm ag an bhféile lucht féiltí cheol a mhealladh chuig an deireadh seachtaine, atá le bheith eagraithe i gCaisleán Shoird. Cuirfear ceolchoirmeacha ar siúl, maraon le taispeántais coiméide. Tá eagarthóirí ag súil go mbeidh obair rannpháirtithe á léiriú go dtí déimeagrafach níos leithne de thoradh ar an bhféile.

Beidh an féile ar siúl ar an t-aonú is an dara lá déag de mhí Lúnasa.

Thug bunaitheoir na féile, Liz Kenny, le fios go mbeadh rud éigin ann do chuile aois ghrúpa. ‘Cé go bhfuil fás suntasach tagtha ar an lucht féachana le roinnt blianta anuas, tá freagracht orainn mar eagarthóirí íomhá nua a chruthú don fhéile.’

D’aontaigh Stiúrthóir Chruthaitheach na féile leí, á rá, ‘Tá sé mar riachtanas go bhfuil an féile meallacach dóibh síúd nach mbíonn ag freastal ar scannáin go rialta. Creidimid go bhfuil baol ann go ndéanfaidh téama féile scanánaíochta lucht féachana a choimhthiú má chreideann siad go bhfuil sé dírithe ar déantóirí scannáin agus gnáthóirí pictúirlainne le taithí acu ar an seanrá amháin. Go firiciúl, is a mhalairt atá fíor. Is aoibheann le gach éinne scannáin agus tá sé mar aidhm againn lucht féachana a chur i dtaithí ar choincheap scanáin neamhspleacha.’

Beidh clár de na gníomhaíochtaí atá le bheith ar fáil á leagadh amach sna míonna atá romhainn agus tá eagarthóirí na féile dóchasach go mbeidh lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta i láthair. Tá an féile le bheith ar cheann de na féiltí scanánaíochta ba mhó i mbliana.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le scannán a chuir isteach ar na catagóirí ‘Nuathagtha is Fearr, Beochan is fearr, Gearr-scanán is fearr, Dalta is fearr, Doiciúméad is fearr, Scannán Idirnáisiúnta is Fearr, Scannán Gaeilge Is Fearr nó Gaisce sna Meáin Chumarsáide, a fháil ar  www.fingalfilmfest.com. Le iarratas a chur isteach, is féidir dul díreach go dtí  http://www.fingalfilmfest.com/2017-submissions/ nó teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht ar pr@fingalfilmfest.com.