Méid an Téacs

Seimineáir Inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais

Feabhra 21, 2012

Reáchtálfar seimineáir inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais ar an 21 Márta in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath agus an 22 Márta i gCorcaigh. Tá an dréachtchlár thíos agus deimhneofar an t-ionad agus na hoiliúnóirí i gCorcaigh go luath.

Níl aon chostas ar na seimineáir agus fáilteofar roimh rannpháirtíocht mhúinteoirí agus príomhoidí ó na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl le déanamh chun clárú ach ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelsoileanna.ie le hainm an duine agus seoladh ríomhphoist roimh dheireadh an lae, Luan 12 Márta.

CLÁR

  • 09.00 – 09.30    Clárú, Tae agus Caife
  • 09.30 – 09.35    Fáilte, Cúlra & Aidhmeanna an tSeimineáir (Bláthnaid ní Ghréacháin)
  • 09.35 – 11.00    Seisiún I: Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge:  múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil (Karen Brogan, SFGM)
  • 11.00 – 11.15      Briseadh
  • 11.15 – 12.00     Seisiún II: Léargas scoile ar fhorbairt na mata. Taithí phraiticiúil
  • 12.00 – 12.45    Seisiún III: Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta
  • 12.45 – 13.45     Lón
  • 13.45 – 15.15    Seisiún IV: Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna (Miriam Ryan, Coláiste  Phádraig)
  • 15.15                  Plé oscailte agus clabhsúr