Méid an Téacs

Gaeilge24

Deireadh Fómhair 19, 2016

gaeilge24-2016-muinteoiri

D’fhás Gaeilge24 ón am gur thosaigh sé i 2013 agus tá sé anois ar cheann de na himeachtaí scoile is spreagúla a bhíonn á reáchtáil ar bhonn uile-Éireann sa chéad téarma scoile. Bhí breis is 25,000 dalta páirteach i 2015 agus tá súil againn go mbeidh níos mó daoine ag glacadh páirte sa bhliain seo den chomóradh.

Níl ach 9 fágtha le clárú, Is gá go mbeidh gach ordú againn faoin 27 Deireadh Fómhair 2016. Chomh luath is chláraíonn an scoil seolfaimid pacáiste chucu le póstaeir agus cártaí urraíochta. Is fearr clárú go luath mar sin.

Gheobhaidh gach dalta atá ag bailiú airgid pacáiste le t-léine, banda láimhe agus cárta urraíochta chomh maith le bileog eolais le frásaí úsáideacha. Táimid ag iarraidh ar gach dalta €10 / £8 a bhailiú don charthanacht.

Is féidir clárú don dúshlán ag an nasc seo. Ní ghlacfaidh sé ach 3 lá oibre leis na cártaí urraíochta agus na póstaeir a fháil tar éis don scoil clárú.

Tá bileog eolais iniata le tuilleadh eolais faoi #Gaeilge24 nó is féidir cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín anseo. Tar i dteagmháil liom má tá ceist ar bith agat.