Méid an Téacs

Gaelscolaíocht Séanta ar na Céadta Tuismitheoirí dá bPáistí

Bealtaine 1, 2009

Cháin GAELSCOILEANNA TEO. cinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta gan aitheantas a thabhairt don seacht nGaelscoil nua atá beartaithe le hoscailt Meán Fómhair  2009.

I ráiteas a d’eisigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta i Meán Fómhair 2008, d’fhógra sé tús le próiseas athbhreithnithe ar an bpróiseas aitheantais bunscoile a mhairfeadh dhá bhliain. Le linn an phróisis, níl sé i gceist go n-osclóidh aon scoil seachas scoileanna atá lonnaithe i gceantair forbartha aitheanta agus a bhfuil riachtanas soiléir léirithe dóibh, de réir teilgean daonáirimh.  In idirbheartaíochtaí leis an eagraíocht le déanaí d’admhaigh ionadaithe na Roinne go dtiteann an seacht nGaelscoil nua-bheartaithe laistigh de cheantair forbartha, ach nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Roinn freastal ar an éileamh atá léirithe dóibh. Léiríonn an fás mór sna huimhreacha rollacháin do na scoileanna beartaithe go bhfuil an-éileamh ar an ngaelscolaíocht sna ceantair lena mbaineann, le daltaí ar liosta rollaithe chomh fada sa todhchaí le 2013.

Léiríonn seasamh na Roinne ar an gceist seo go bhfuil cearta bunreachtúla an tuismitheora, oideachas oiriúnach a roghnú dá bpáistí, curtha ar leataobh. Séanann sé cearta na dtuismitheoirí uile ar na coistí bunaithe atá ag treabhadh ar aghaidh go díograiseach chun go mbeidh an ghaelscolaíocht ag a gcuid páistí mar rogha oideachais den scoth. Ábhar ollmhór díoma do thuismitheoirí a bhí sa scéal is déanaí nach mbeidh aitheantas á bhronnadh ach an oiread ar Ghaelcholáiste Shligigh – Liatroma Thuaidh, in ainneoin éileamh cruthaithe. Níl aon soláthar gaeloideachais sa cheantar seo agus is léiriú eile é an diúltiú seo ar an easpa aitheantais ag leibhéal na Roinne ar chearta an tuismitheora ar sholáthar gaeloideachais.

Léiríonn taighde Mhic Gréil, a foilsíodh ag tús na seachtaine, go bhfuil 93.4% d’Éireannaigh tiománta don Ghaeilge. Maíonn an taighde céanna go bhfuil sé inmholta teacht ar straitéisí chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na réigiúin. Luann ráiteas físe an Rialtais i leith na Gaeilge, "go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é."

Dar le Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., "Is léir go bhfuil seasamh reatha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ag séanadh polasaí an Rialtais i leith cur chun cinn na Gaeilge, maraon le séanadh cearta tuismitheora i leith rogha na gaelscolaíochta. Is dearcadh cúng, gearrthéarmach é seo a dhéanfaidh an-chuid dochair don Ghaeilge sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse. Is infheistíocht loighciúil agus fiúntach í infheistíocht sa ghaelscolaíocht chun gealltanas an Rialtais a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go mbeidh oideachas den scoth á fháil ag páistí na tíre seo."

"Maidir leis an gcóras idirthréimhseach le linn athbhreithniú na Roinne ar an bpróiseas aitheantais do scoileanna nua, beimid ag lorg cinnteachta ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbeidh sainchúinsí na gaelscolaíochta tugtha san áireamh acu. Beimid i mbun dian-stocaireachta ar an Roinn chun a chinntiú go mbeidh na Gaelscoileanna nua beartaithe ag oscailt le linn 2010. Mar chomhpháirtí oideachais, beimid lán-sásta gach comhairle agus cúnamh a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Roinn a dualgais i leith na gaelscolaíochta sna cúinsí deacra geilleagracha reatha."

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 42 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Críoch

Eolas sa bhreis:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                                              Mícheál Ó Broin

Ardfheidhmeannach                                                     Uachtarán

01-8535195                                                                087-9467700