Text size

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

May 23, 2013

Ba é fear na Ceathrún Rua, Cormac Ó hEadhra, buaiteoir mór na hoíche ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Dé hAoine seo caite nuair a bronnadh an duais do láithreoir na bliana air agus  freisin an gradam  do chlár raidió  na bliana ar a  chlár Cormac ag a Cúig.

Is clár irise é Cormac ag a Cúig, le béim ar chúrsaí reatha, tuairisciú, plé, díospóireacht agus anailís ar scéalta nuachta an lae, a bhíonn le cloisteáil ag 5.00in ó Luan go hAoine.
Dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin: “Comhghairdeas le Cormac, agus le foireann an chláir,ar na gradaim seo.

Tá Cormac ag a Cúig I ndiaidh dul i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta ó tháinig sé ar an aer i mí Mheán Fómhair seo caite. Is craoltóir nádúrtha é Cormac agus tá sé ar dhuine de shárchraoltóirí na tíre seo,i mBéarla nó i nGaeilge.”

Seo leanas liosta iomlán na mbuaiteoirí:

Teilifís: Scannán/Clár
Teilifíse na bliana:Lón sa Spéir, Sónta Teo.

Teilifís:Scannán/Sraith Theilifíse na bliana:
Imeall,Redshoe Productions.

Teilifís: Scannán/ Craoltóir Teilifíse na bliana:
Dara Ó Cinnéide, Seo Spóirt.

Aisteoir na Bliana.
Tara Breathnach,Tina O’Dowd, Ros na Rún.

Raidió: Clár/Sraith Raidió na Bliana.
Cormac ag a Cúig,Raidió na Gaeltachta.
Raidió: Clár/Craoltóir
Raidió na Bliana.Cormac Ó hEadhra, Raidió na Gaeltachta.

Iriseoir/Colúnaí na Bliana.
Seán Tadhg Ó Gairbhí,Comhar, The Irish Times.

Suíomh idirlín na Bliana.
www.raidionalife.ie

Buaicghradam chumarsáide: Pat Butler. Gradam speisialta: Raidió na Life – 20 bliain ar an aer.

Foilsithe ar 23 Bealtaine 2013