Méid an Téacs

Céim Mhór Siar do Mhúineadh & teagaisc na Gaeilge

Iúil 13, 2009

 Is le h-aiféal mór a d’fhoghlaim GAELSCOILEANNA TEO. ar an Déardaoin seo caite nach mbeidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag tabhairt feidhm do thionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí in iarthar Chorcaí de bharr an mhoratóra ar fhostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Tioscnamh rí-thábhachtach náisiúnta atá faoi stiúir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) atá sa tionscmanh seo, agus cuirfeadh sé go mór le soláthar riachtanach agus cuimsitheach d’acmhainní teagaisc agus foghlama don Ghaeilge, ach go háirithe le h-áiseanna iarbhunscoile agus tacaíocht do scoileanna Gaeltachta. Ciallaíonn an cinneadh nua atá fógartha ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffee, go bhfuil bac á chur ar COGG leanúint leis bpróiseas earcaíochta chun ceathrar foirne a fhostú chun dul i mbun oibre san ionad náisiúnta seo. 

Léirigh Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. a díomá leis an gcinneadh seo nuair a dúirt sí go raibh "an-dóchas ann d’fhorbairt earnáil na gaelscolaíochta nuair a fógraíodh roimhe seo feidhmiú an tionscnaimh ó thaobh seirbhís riachtanach, clár taighde cuimnsitheach agus soláthair acmhainní. Ach toisc an mhoill dholeithscéil a bhain leis an gcinneadh seo a chur i bhfeidhm, táimid sa suíomh anois nach mbeidh d’acmhainn ag an Aire tosach féidhme a thabhairt d’iomlán an tionscnaimh san ionad féin i mBaile Bhúirne.  Éilím ar an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo ach go háirithe i dtaobh na bpoist seo a cheadú chun go gcuirfear leis an obair riachtanach atá ar bun ag COGG san Ionad Oideachais nua i mBaile Bhúirne."

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 42 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Críoch

 

Eolas sa bhreis:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                                        Mícheál Ó Broin

Ardfheidhmeannach                                              Uachtarán

01-8535195                                                          087-9467700