Méid an Téacs

Lá Dearg agus an Comhrá Mór

Bealtaine 15, 2017

Beidh Lá Dearg ar siúl i mBéal Feirste ar an 20.05.2017 le árd a tharraingt ar an éileamh ar son reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart. Bhí cruinnithe dearfacha ag an Dream Dearg le baill den Pháirtí Comhghuaillíochta, den Chomhaontas Glas, den Phobal Roimh Bhrabús, de Sinn Féin agus den SDLP le déanaí. Beidh mórshiúl ón gCultúrlann go dtí Halla na Cathrach, ag tosnú ag a dó dheag a chlog, meán lae. Beidh busanna ar fáil le gur féidir le daoine áit a ghlacadh iontú go fóill. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú tríd íoslódáil a dhéanamh ar an bpóstaeir thíos. Is féidir teagmháil a dhéanamh le ursula@cnag.ie le háit a chur in áireamh ar bhus ag taisteal uaidh Cathair na Gaillimhe agus le sine@cnag.ie le háit a chur in áireamh ar bhus uaidh Sráid Fhearchair i mBláth Cliath.

I ndiaidh an Lá Dearg, eagrófar ‘An Comhrá Mór – Ollchruinniú GnímhDé Sathairn, 10 Meitheamh, ó 11.00 go dtí 16.00 in Óstán Wynns, Baile Átha Cliath 2. Déanfar cur síos ar an lá ar staid reatha na bhfeachtas, an daonáireamh ó dheas agus ar an bhfeachtas Dream Dearg ó thuaidh. Is cruinniú le dul i mbun gnímh é seo agus tá súil againn go leor gníomhartha a aontú ann agus feidhmiú orthu láithreach bonn go háirithe le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas agus maoiniú don phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach. Tá fáilte roimh chách ann.
Ní neart go cur le chéile,
2_DreamDearg_Postaer (4)