Maoiniú do Scoileanna Lán-Ghaeilge i gCorcaigh
Bealtaine 29, 2013
Cuir iarratas isteach ar Chiste Dhúnlaoi. Tá ciste áirithe airgid ag Dúnlaoi Teo atá i gceist a dháileadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. The Community Foundation for Ireland, thar ceann Bhord Dhúnlaoi Teoranta, a riarfaidh Ciste Dhúnlaoi.
Tugtar cuireadh do scoileanna Gaeilge, Gaelscoileanna ach go háirithe, i gCathair agus i gContae Chorcaí, agus iad sin amháin, iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais aonuaire chun leasa na Gaeilge, agus ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn sna scoileanna sin. Beidh deontais de luachanna éagsúla ar fáil idir €4,000 agus €7,500.
Ní ghlacfar le hiarratais ach ó scoileanna lán-aimseartha atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar bhunscoil nó mar mheánscoil, agus uathu sin amháin.
Cliceáil thíos le haghaidh critéir agus foirm iarratais:
http://www.foundation.ie/our-grants/apply-for-a-dun-laoi-fund-grant
Ní mór do gach iarratasóir a bheith toilteanach tuarascáil mheastóireachta ghearr a chur ar aghaidh (cuirfidh The Community Foundation for Ireland teimpléad ar fáil) ag tabhairt tuairisce ar ghníomhaíochtaí, aschuir agus torthaí laistigh de 6 mhí ó chur i gcrích an tionscadail.
Sé an sprioc-dháta ná an 7 Meitheamh 2013.