Méid an Téacs

‘Deireadh’ le caint

Feabhra 1, 2012

TÁ BAOL ann nach fada eile a mhairfidh comórtais dhíospóireachta d’iarbhunscoileanna na tíre atá á reáchtáil ag Gael Linn ó 1959 i leith, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh “Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú don chomórtas ardghradaim seo. Iarraim ar an bhforas athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh. Ní mór an comórtas náisiúnta seo a chosaint ar mhaithe le bonn láidir a chur faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge san aoisghrúpa tábhachtach seo”.

Bhí Ó Coileáin ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí agus ag gabháil buíochais leis na múinteoirí ag deireadh chraobhchomórtas Uí Chadhain sa Téatar Poiblí i gColáiste na Tríonóide, Dé Céadaoin seo caite.

Níl aon chatagóir sa tsamhail nua mhaoinithe atá á beartú ag Foras na Gaeilge le haghaidh iarratas chun comórtas díospóireachta ar bhonn náisiúnta a reáchtáil.

Tá Gael Linn ag súil go ndéanfar athrú air sin san athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair.

Caoga iarbhunscoil a bhí páirteach i gComórtas Uí Chadhain i mbliana agus léirigh baill an cheithre fhoireann a bhí sa chraobhchomórtas sinsir ardchumas cainte, eolas ar chúrsaí reatha agus cur amach nach beag ar chúrsaí ólacháin agus an rún “is maith é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne” ina ábhar díospóireachta acu.

Is beag nár ardaigh béiceach a lucht leanúna an díon de halla mór maorga an choláiste, a bhí lán go doras, nuair a fógraíodh gurbh í foireann Choláiste Rís, Dún Dealgan – Sionainn Glenholmes, Emer Ní Fhionnachtaigh agus Caoimhe Ní Shuibhne – a bhuaigh.

Díol suime go raibh a múinteoir, Seán Ó Coigligh, páirteach sa chraobhchomórtas san ionad céanna i 1966.

Foireann ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, a bhuaigh an chraobh sa chomórtas sóisir.

Labhair Fionnuala de Bhailís, Clíona Ní Bhriain agus Síofra Ní Shé in aghaidh an rúin “cuireann na hollmheáin chumarsáide an iomarca béime ar chúrsaí spóirt”.

IRISH TIMES