Méid an Téacs

2,500 scoláire tar éis páirt a ghlacadh i mBuntáiste Breise na Gaeilge 2010

Nollaig 14, 2010

Le bliain anuas reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seacht sheimineár  mar gheall ar ghairmeacha beatha agus deiseanna oibre le Gaeilge dar teideal ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ in ionaid éagsúla timpeall na tíre.

Ó mhí Eanáir amach reáchtáladh seimineáir i gCaisleán an Bharraigh i mBóthar na Trá, i gCill Airne, Béal Feirste, Leitir Ceanainn, Baile Átha Cliath agus ar ndóigh sa Tulach Mhór mí ó shin.
D’fhreastail suas le 2,500 scoláire as seachtó ceathair iar-bhunscoil timpeall na tíre ar na seimineáir seo. Bhí na seimineáir dírithe ar scoláirí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha ar fud na tíre.  

Cuireadh tús bríomhar leis an seisiún i gCaisleán an Bharraigh thiar i mí Eanáir áit ar labhair láithreoir ‘Paisean Faisean’ Bláthnaid Ní Dhonnchadha, chomh maith leis an réalta teilifíse agus raidió Barbara Ní Dhonnchadha faona dtaithí féin agus iad i mbun oibre trí mheán na Gaeilge go laethúil agus labhair Oonagh Kelleher, faoina post mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Is ar iarthar na tíre chomh fada le Gaillimh a bhí ár n-aghaidh i ndeireadh mhí Feabhra.  Bhailigh os cionn 400 scoláire in Óstán Bhóthar na Trá.  Chuir an craoltóir cumasach le RTÉ Raidió na Gaeltachta Eibhlín Ní Chonghaile síos ar a cuid taithí féin agus an rian a thóg sí chun post trí Ghaeilge a shealbhú.

Thug Colm Ó Coisdealbha atá ina Bhainisteoir Géilliúlachta leis an gCoimisinéir Teanga léargas ar a chuid oibre siúd agus chuir iar-réalta spóirt de chuid fhoireann iománaíochta na Gaillimhe Cathal Moore síos ar an nGaeilge ina phost mar mhúinteoir Gaeilge.  

I mí Bealtaine thugamar ár n-aghaidh ar dheisceart na tíre chomh fada le Cill Airne áit ar thug láithreoir Nuachta TG4 Eibhlín Ní Choisdealbha as Lios a Phúca in aice le Cill Airne agus réalta mór spóirt agus craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltacht Dara Ó Cinnéide léargas ar an mbóthar a thóg siad siúd agus an bealach ar aimsigh siad post sna meáin Ghaeilge.

Níos déanaí sa bhliain thugamar ár n-aghaidh ar Bhéal Feirste áit ar labhair an t-iriseoir agus an craoltóir  Tomaí Ó Conghaile ar a phost agus thug Ursula Uí Dhonnaile léargas iontach ar a post féin mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus le Comhairle Dhún Geanainn agus labhair Conall Ó Máirtín fear atá ina mhúinteoir Gaeilge  faoin na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge dó agus é ag dul i mbun gairm bheatha agus ag obair le Campa Chormaic.

Seachtain ina dhiaidh sin, thugamar ár n-aghaidh ó thuaidh arís chomh fada le Leitir Ceanainn áit ar tháinig slua de os cionn 420 scoláire cluas le héisteacht d’aoichainteoirí éagsúla.  I measc na n-aoichainteoirí labhair ar an lá bhí réalta spóirt de chuid fhoireann peile Dhún na nGall fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Casaide.  Labhair Loretta Ní Churraighín as Teileann, faoina cuid oibre mar Fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne Caitlín Uí Chlochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall.  Phléigh iriseoir Nuacht RTÉ/TG4, Caoimhe Ní Chonchoille faoi na deiseanna agus na buntáistí a thug an Ghaeilge di.

I Halla na Saoirse sa phríomhchaithair labhair Anna Davitt, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, faoina taithí féin agus í ag obair le heagraíochtaí agus le múinteoirí. Thug an t-aisteoir aitheanta Doireann Ní Chorragáin iar-aisteoir de chuid Fair City agus Ros na Rún an-léargas ar an mbealach a d’imigh an Ghaeilge chun tairbhe dí féin ina gairm bheatha  agus thug Colm Mac an Iomaire,  fidléir den scoth a bhíonn le feiceáil ar stáitse leis an ngrúpa The Frames léargas spéisiúil ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga, ní hamháin i dtaca le deiseanna fostaíochta ach freisin i dtaca leis an saibhreas a thagann le sealbhú na teanga, mar uirlis aitheantais d’Éireannaigh.

Agus ag cur clabhsúr iontach leis an gcamchuairt bhailigh slua ollmhór le chéile ag an seimineár sa Tulach Mhór. D’fhreastail scoláirí as Co. na hIarmhí, Co. Laoise  Co. na Mí, Co. Chill Chainnigh, Co. Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Thiobraid Árann ar an ócáid seo áit ar thug an t-iriseoir le TG4 agus RTÉ Irene Ní Nualláin as An Muileann gCearr, láithreoir Spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuilinn cur síos ar a gcuid taithí féin agus an bealach ar fhoghlaim siad an teanga agus post a shealbhú sna meáin.

Bhí seastáin ag eagraíochtaí éagsúla ar an lá agus bhí ionadaithe ar fáil ó na heagraíochtaí agus ó na hOllscoileanna éagsúla timpeall na tire chun neart eolais i dtaobh na rogha leathan cúrsaí atá ar fáil do mhic léinn ag an tríú leibhéal a scaipeadh ar an lá.

Táimid fíorbhuíoch de na hurraitheoirí ar fad a thug tacaíocht dúinn i rith na bliana le duaiseanna iontacha: Gael-Linn, Coláiste Uisce, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Coláiste na bhFiann, Gaelscéal, Telegael, Scoil Surfáil Freedom, Coláiste Ó Direáin, Inis Mór, Raidió na Life agus Campa Chormaic.     

Tá súil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a mhacasamhail de sheimineáir a reáchtáil i gceantair éagsúla timpeall na tíre sa bhliain 2011.

Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2010