Méid an Téacs

35% de dhaltaí Gaeltachta ag fáil oideachais trí Bhéarla

Eanáir 6, 2015

1,698 dalta meánscoile Gaeltachta ag freastal ar scoileanna ina bhfuil an teagasc á dhéanamh trí Bhéarla agus 29 bunscoil Gaeltachta nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

35% de dhaltaí meánscoile atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán an Bhéarla i scoileanna Gaeltachta, de réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie mar thoradh ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

As na cúig mheánscoil is fiche (25) sa Ghaeltacht oifigiúil, tá sé cinn acu ina múintear ábhair eile seachas an Ghaeilge féin trí mheán an Bhéarla, de réir an eolais ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Sa bhliain 2014, bhí 1,698 den 4,887 dalta sna meánscoileanna Gaeltachta ag freastal ar scoil ina raibh teagasc á dhéanamh trí Bhéarla.

Is iad na scoilbhlianta ar iarradh eolas lena n-aghaidh ná 2011/2012, 2012/2013, agus 2013/2014. Tá méadú beag tagtha gach bliain ó 2012 ar líon na ndaltaí i meánscoileanna i gceantair Ghaeltachta ina múintear ábhair trí Bhéarla.

Lorgaíodh eolas freisin i dtaobh an liúntais a fhaigheann múinteoirí atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus tugadh le fios go bhfuil an liúntas sin “iníoctha i gcás go ndéantar an teagasc ar fad trí mheán na Gaeilge”.

Cuireadh deireadh ar fad leis an liúntas do mhúinteoirí nuacheaptha i scoileanna Gaeltachta, áfach, i gciorclán de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i 2013.

Maidir le bunscoileanna na Gaeltachta, tá 29 i gceantair oifigiúla Ghaeltachta nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Ocht gcinn de scoileanna, as breis agus an 130 bunscoil sa Ghaeltacht i 2014, nach bhfuil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge in aon chor, de réir an eolais a chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna ar fáil do Tuairisc.ie.

Is iad na scoileanna nach múineann aon ábhar seachas an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge ná; Scoil Náisiúnta, Dumhach Beag, Dún na nGall; Scoil Róisín, an Clochán Liath, Dún na nGall; Scoil Náisiúnta na hAcraí, Alt an Chorráin, Dún na nGall; Valley NS, Dugort, Acaill, Maigh Eo; Scoil Náisiúnta Colmcille, An Caisleán Gearr, Gaillimh; Scoil Náisiúnta Tirellan Heights (Arda Thír Oileáin), Gaillimh; Claregalway Educate Together, Baile Chláir na Gaillimhe, Gaillimh; agus Scoil Náisiúnta Caitríona Naofa, Baile Oirthir, Ceannanas, an Mhí.

Tá 21 bunscoil sa Ghaeltacht ina múintear, ar a laghad, ábhar amháin eile trí Ghaeilge seachas an Ghaeilge féin.

‘Part-Irish’ an cur síos a dhéantar ar na scoileanna seo san eolas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá formhór na scoileanna a bhfuil an lipéad ‘Part-Irish’ orthu lonnaithe i gContae Mhaigh Eo. Tá seacht gcinn acu i dTír Chonaill agus dhá cheann i gContae na Gaillimhe.

www.tuairisc.ie