40 post nua le cruthú in earnáil na réamhscolaíochta Gaeilge
Meán Fómhair 5, 2012
Tá sé fógartha inniu ag Forbairt Naíonraí Teoranta go n-osclóidh 23 naíonraí nua le linn mhí Mheán Fómhair 2012.
Beidh na naíonraí nua lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i gCiarraí, i gCorcaigh, i nGaillimh, san Iarmhí, i gCill Mhantáin, i gcontae an Mhí agus i Loch Garman.
Is cosúil go bhfuil an t-éileamh céanna ar an réamhscolaíocht Gaeilge anois ná mar a bhí in 2011 nuair a osclaíodh an líon is mó naíonraí riamh, 25 ionad nua, oiread is 8 aonad níos mó ná 2010.
Dúirt Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta go bhfuil cúpla cúis éagsúil ag baint leis an dul chun cinn leanúnach : “Tá fás as cuimse feicthe againn sna trí bliana deireanach san earnáil luathóige Gaeilge. Creidimid go bhfuil dhá phríomhchúis leis seo: Ar dtús báire, d’ofráil an bliain réamhscoile saor in aisce deis nua do thuismitheoirí rochtain a fháil ar sheirbhísí naíonra agus chomh maith, tá tuiscint níos fearr i measc na dtuismitheoirí ar bhuntáistí breise na luath-thumadh iomlán do pháistí a fhreastalaíonn ar an naíonra.”
Mar aon le méadú i dtaobh soláthrú áiteanna réamhscolaíochta, meastar go gcruthóidh na hionaid oiread is 40 post nua san earnáil oideachais agus san earnáil Gaeilge.
Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach Forbairt Naíonraí Teoranta: ‘Sa timpeallacht geilleagrach reatha, ní minic a chloistear faoi scéalta dearfacha ar nós an cheann seo: 23 Naíonraí nua, 40 post nua i dtosach agus na céadta daoine óga breise ag freastal ar Naíonraí dá saorbhliain réamhscolaíochta agus ag sealbhú na Gaeilge i suíomh slán, sábháilte agus cairdiúil.’
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis na naíonraí nua agus obair Fhorbairt Naíonraí Teoranta féach www.naionrai.ie.
Na naíonraí nua a n-osclóidh le linn mhí Mheán Fómhair 2012:
- Naíonra an Choillín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
- Naíonra an Ghairdín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
- Naíonra na Rógairí Beaga, Rochfort Bridge, Co. na hIarmhí
- Naíonra Little Folks, Baile Átha Cliath, Co. na Mí
- Naíonra Bumblebee, Cill Dhéagláin, Co. na Mí
- Naíonra Smarty Pants, Ros Eo, Co. Bhaile Átha Cliath
- Naíonra First Steps, Marino, B.Á.C. 3
- Naíonra Hyde and Seek, Droim Conrach, B.Á.C. 9
- Naíonra Westwood, Carraig an tSionnaigh, B.Á.C. 18
- Naíonra Safari, Cill Mhaighneann, B.Á.C. 8
- Naíonra Mháirín, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath
- Naíonra Junior Genius, Baile Dhónaill, B.Á.C. 22
- Naíonra Dhún Droma, Dún Droma, B.Á.C. 14
- Naíonra Ghaelscoil Uí Chéadaigh, Bré, Co. Chill Mhantáin
- Naíonra Montessori, Bré, Co. Chill Mhantáin
- Naíonra an Scoil Bhig, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin
- Naíonra Little Treasures, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
- Naíonra Cháit, Bearna, Co. na Gaillimhe
- Naíonra Mamaí Gé, Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Naíonra Highcare Childcare, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
- Naíonra Crèche Absolute Beginners, An Bhlarna, Co. Chorcaí
- Naíonra Radharc na Darach, Trá Lí, Co. Chiarraí
- Naíonra Faithleann, Cill Áirne, Co. Chiarraí
Foilsithe ar Gaelport.com