Méid an Téacs

A Rá ar an Raidió

Feabhra 23, 2012

Cuirfidh Raidió na Gaeltachta tús Dé Luain seo chugainn, 27 Feabhra, le A Rá, sraith nua do dhaltaí atá ag réiteach do scrúdú na hardteistiméireachta.

Tá an tsraith á cur i láthair ag Síle Ní Scanláin agus gach  seachtain beidh trí mhiondhráma, bunaithe ar théamaí a bhaineann le saol an déagóra, le cloisteáil. Pléifear téamaí an dráma i stíl chruthaitheach, snasta agus réalaíoch a spreagfaidh suim dhaoine óga, agus beidh gnéithe gramadaí agus foclóra fite fuaite síos tríd an scéal.  Beidh saineolaithe sa stiúideo chomh maith agus iad ag labhairt ar ghnéithe éagsúla den scrúdú.

Tá an tsraith seo á léiriú ag Meangadh Fíbín Teo. Raidió na Gaeltachta, Dé Luain 27 Feabhra ag 10.15 r.n.

GALWAY ADVERTISER