Méid an Téacs

Aip dhátheangach d’Eamhain Mhacha

Eanáir 27, 2014

Tá aip dhátheangach thurasóireachta deartha ag grúpa déagóirí i gcontae Ard Mhacha don láthair oidhreachta, Eamhain Mhacha.

Bronn banc HSBC maoiniú ar Cairde Teo le hoiliúnt fhiontraíochta a sholáthar i gcathair Ard Mhacha agus chuir an Roinn Oidhreachta agus an Crannchur Náisiúnta airgead breise ar fáil le tionscnaimh thuarasóireachta a mhaoiniú.

Díríonn aip na ndéagóirí ar eachtraí Chú Chulainn sa cheantar. Tuigtear gur ón cheantar a d’eascair béaloideas na Ruaraíochta.

Thug Meon Eile cuairt ar na fiontraithe óga agus iad i mbun oibre.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.