Aird lucht an ghaeloideachais ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua do sheoladh polasaí Gaeltachta
Deireadh Fómhair 26, 2016
Is ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara a bheidh aird lucht an ghaeloideachais Dé hAoine nuair a sheolfaidh an Taoiseach Enda Kenny an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
Beidh an Taoiseach agus an tAire Oideachais araon i láthair ag an seoladh sa bhunscoil Ghaeltachta ag meán lae Dé hAoine do sheoladh an pholasaí nua.
Dúirt an Taoiseach an tseachtain seo caite go léireodh na hacmhainní a chuirfear ar fáil don pholasaí oideachais nua don Ghaeltacht go bhfuil an Stát “dáiríre faoi theagasc na Gaeilge”.
Dheimhnigh an Taoiseach gur pléadh na moltaí oideachais ag cruinniú de Choiste Rialtais don Ghaeilge, coiste a bhfuil an Taoiseach féin ina Chathaoirleach air.
“Má táimid dáiríre faoi seo ní foláir dúinn dul i ngleic leis ar bhealach dáiríre,” a dúirt Kenny sa Dáil.
Dúirt An Taoiseach go gcuirfear “próiseas nua ar fad” i bhfeidhm” sa Ghaeltacht agus go mbeidh deis ag scoileanna clárú chun aitheantas a fháil mar scoileanna ‘Gaeltachta’.
Mhúinfí gach ábhar trí Ghaeilge sna scoileanna sin agus chuirfí an tumoideachas i bhfeidhm iontu, a dúirt sé.
Mar sin, is ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua Dé hAoine a bheidh aird iad siúd atá ag éileamh le fada go mbeadh cur chuige ar leith ó thaobh an oideachais sa Ghaeltacht.
Beifear ag súil go háirithe go ndéanfaidh an Taoiseach beart de réir a bhriathair maidir le hacmhainní a chur ar fáil don pholasaí nua.
Rinne an Roinn Oideachais costasú ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua agus meastar go mbeadh costas idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana air dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad atá ann.
Ní fios go fóill, áfach, cad iad na moltaí a bhfuil glactha leo sa pholasaí féin.
I mBealtaine 2015 a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua Gaeltachta, agus ba i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite a bhí an cruinniú deireanach sa phróiseas comhairliúcháin a lean foilsiú na moltaí sin.
Cuireadh fáilte roimh na moltaí don pholasaí nuair a foilsíodh anuraidh iad toisc gur measadh go dtugann siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail.