Méid an Téacs

Aitheantas á lorg don phobal

Eanáir 24, 2013

Tá sé fógartha ag Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag eagrú cruinniú oscailte do phobal na Gaeilge chun todhchaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 a phlé.

Beidh an cruinniú ar siúl in Óstán an Menlo Park ar Dé hAoine 1 Feabhra ag 3.00i.n. Tá an cruinniú seo á reáchtáil mar thoradh ar theip na Roinne Gaeltachta freagra a thabhairt ar éileamh an Chonartha chun an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr riachtanach a chur ar bun chuige sin. Tá Conradh na Gaeilge ag fanacht 8 mhí ar Roinn na Gaeltachta chun freagra a thabhairt ar an éileamh seo. I litir atá sínithe ag Uachtarán agus Ard-Rúnaí an Chonartha deir siad “Creideann muid gur gá dúinn teacht chun tosaigh ar na droch-chinntí atá á nglacadh ag Rialtas na hÉireann go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus droch-chinntí eile go mbíonn tionchar díreach acu ar dhul chun cinn na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá an liosta de na droch-chinntí ag dul i méid, go háirithe an cinneadh a glacadh le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Is ionsaí eile é seo ar institiúidí na Gaeilge go bhfuil muinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu. Táimid ag troid in aghaidh an chinnidh seo faoi láthair agus pléifear cás COGG ar an lá chomh maith.

Ní féidir linn troid áfach in aghaidh gach droch-chinnidh a ghlac agus a ghlacfaidh an Roinn agus an Rialtas i gcónaí. Níl an fuinneamh ná na hacmhainní againn. Is gá teacht chun tosaigh ar na cinntí agus tionchar díreach a imirt chun go mbeidh na cinntí aontaithe idir an pobal agus na húdaráis le chéile. Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra. Tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna uainn. Tá sé ar leas na n-údarás glacadh leis an éileamh gur chuireamar chucu chun go mbeidh muid, le chéile, ag glacadh seilbhe ar chur i bhfeidhm na Straitéise agus ag aontú ar an mbealach is fearr chun cinn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.”

www.advertiser.ie/galway