An dátheangachas i bpobail mhionteanga á scrúdú i leabhar nua
Lúnasa 10, 2011
An dátheangachas aontreoch comhuaineach ina phríomhchúis ag géarchéim na mionteangacha.
Sin é príomhthéama leabhair nua atá faoi bhealach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas atá á fhoilsiú ag an gcomhlacht Leabhar Breac. Cnuasach alt atá sa leabhar a chíorann éifeacht an dátheangachais ar phobail mhionteanga na Gaeilge agus a eascraíonn as páipéir a tugadh ag na Scoileanna Earraigh don Phleanáil Teanga a d’eagraigh Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le dhá bhliain anuas. I measc na n-údar a scríobh alt don leabhar tá iarscoláirí an MA sa Phleanáil Teanga a reáchtáiltear in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé d’aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú agus tuiscintí míbhisiúla a cheistiú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch.
Maítear in ailt éagsúla sa leabhar gurb é an dátheangachas aontreoch comhuaineach is bunús le géarchéim na mionteangacha, is é sin go sealbhaíonn go leor cainteoirí óga arb í an mhionteanga a gcéad teanga, go sealbhaíonn siad an dara teanga chomh luath céanna lena gcéad teanga, ach go bhfanann formhór mór na mórtheangóirí aonteangach ó thaobh feidhme agus gnáis de, den chuid is mó. Tá an dátheangachas roghnach i bhfeidhm i measc mórtheangóirí agus an dátheangachas éigeantach i measc mionteangóirí. Tá an leabhar á chur in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus ag an iriseoir agus taigdeoir an Acadaimh, Ciarán Lenoach. Is iad na húdair eile atá rannpháirteach sa togra foilsitheoireachta: Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Laoise Ní Thuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Éamonn Ó Bróithe, Oifig an Choimisinéara Teanga; Aoife Ní Chonchúir, Pobalscoil an Daingin agus Paula Nic Cionnaith, comhlacht Spraoi.
Díríonn Ciarán Lenoach ina altsa ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus a Dioscúrsa’ ar ghnéithe éagsúla den dioscúrsa acadúil i dtaca le meath struchtúir na teanga agus an dlúthbhaint atá ag an bpróiseas leanúnach sin leis an dátheangachas sa Ghaeltacht. Scagtar go speisialta na laigí i gcur chuige an dioscúrsa cheannasaigh nach dtugann aghaidh ar fhabhtanna reatha an dátheangachais éagothroim. Pléitear na tréithe míbhisiúla a bhaineann leis an gcoibhneas seo i gcás na Gaeltachta, i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta idirnáisiúnta, in alt Chonchúir Uí Ghiollagáin ar ‘An Mionteangachas agus na hEolaíochtaí Teanga.’ Áitíonn Aoife Ní Chonchúir ina haltsa ‘Feasacht Sochtheangeolaíochta agus Riachtanais Siollabais Chainteoirí Dúchais na Gaeltachta,’ i dtaca le Corca Dhuibhne de, gur gá luí ar thábhacht an tsealbhaithe bhaile, ar riachtanas an treisithe shóisialta agus acadúil i gcomhthéacs an oideachais fhoirmiúil, agus ar éifeacht shuaithinseach na forbartha iomlánaithe sa phobal trí chéile. Tugann Brian Ó Curnáin ina alt ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus Pragmataic an Chódmheasctha Thiar agus Theas’, faoi chatagóiriú na hurlabhra ó thaobh tréithe traidisiúnta agus iarthraidisiúnta de agus faoina míniú i gcomhthéacs na teangeolaíochta agus a fodhisciplíní – an dátheangachas agus an sealbhú teanga.
Pléann Paula Nic Cionnaith ina halt, ‘Loiceadh Córais: Léargas Tuismitheoirí ar an gCóras Oideachais sa Ghaeltacht’, téamaí gaolmhara maidir leis an oideachas Gaeltachta agus dearcadh na dtuismitheoirí ar fhóinteacht agus mhífhóinteacht an chórais reatha do riachtanais a gclainne. Ina alt siúd, ‘Scéim Labhairt na Gaeilge: Feidhm agus Mífheidhm’, scagann Éamonn Ó Bróithe go mion idirghabháil an Stáit i leith teaghlaigh Ghaelacha a chothú sa Ghaeltacht le deontas Scéim Labhairt na Gaeilge agus measann sé fiúntas aidhme na hidirghabhála sin. Is tráthúil an tsúil siar é i bhfianaise an chinnidh rialtais deireadh a chur leis an Scéim i 2011, cinneadh aontaobhach, d’ainneoin na bhfóram poiblí a heagraíodh i leith Straitéis 20 Bliain agus a lárnaí is atá moltaí i dtaobh athmhúnlú na Scéime sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Idirghabháil eile stáit, atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a spíonann Laoise Ní Thuairisg ina halt ‘Ionaid Sealbhaithe Teanga na Breataine Bige: Eiseamláir don Ghaeltacht?’ Inoiriúnacht d’Éirinn an mhodha oibre atá á chleachtadh sa Bhreatain Bheag atá idir chamáin aici. ‘Cúrsaí oideachais agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030’ a phléann Pádraig Ó Duibhir ina altsa. Déanann sé comparáid idir na moltaí oideachais a bhaineann le Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus le múineadh na Gaeilge mar ábhar curaclaim i scoileanna Béarla agus spíonann an cumasc mí-oiriúnach de na comhthéacsanna sin atá sa Straitéis.
Dírítear ar trí chéim shiosmaideacha sa chnuasach mar eiseamláir thábhachtach do mhionlaigh teanga an domhain:
i. Fabht bunúsach don mhionlach an dátheangachas comhuaineach aontreoch.
ii. Comhréiteach inmholta é an dátheangachas moillithe do phobal na mionteanga agus an dátheangachas treisithe do phobal na mórtheanga.
iii. Na pobail eitnitheangeolaíochta a athdhlúthú go sóisialta le feidhm éifeachtúil a thabhairt don dátheangachas moillithe.
Beartais dóchais iad na tuiscintí is nua-aimseartha ar an taithí seo a phlé go macánta i gcruth is go ndíreofar ar na ceisteanna is cinniúnaí i leith inmharthanacht na Gaeilge agus na Gaeltachta mar phobal sainiúil teanga.
Gaelscéal – Conchúr Ó Giollagáin
5 Lúnasa 2011