Méid an Téacs

An doras druidte ar Scoil Mhín na Manrach

Meitheamh 27, 2012

Agus bunscoileanna na tíre ag druidim do shaoire an tsamhraidh ar an aimsir seo, ní ríméad ach briseadh croí atá i ndán do dhaltaí agus a dtuismitheoirí i mBunscoil Mhín na Manrach nach mbeidh ag filleadh ar an scoil sin san fhómhar.

Tar éis os cionn céad bliain ar an bhfód, dúnadh doirse na scoile sna Rosa den uair dheiridh.  Bhí líon na ndaltaí sa scoil tite chomh mór sin gur chinn an Roinn Oideachais agus Scileanna gur gá an scoil a dhúnadh.
An tseachtain seo caite agus an scoil á dúnadh, cúigear a bhí cláraithe ar rolla na scoile.  Astu sin, bhí daltaí i rang na naíonán mór, i rang a haon, rang a dó agus rang a cúig.  Múinteoir amháin, príomhoide na scoile, Bernadette Ní Dhuibhir, a bhí i bhfeighil na ranganna sin go léir, agus b’éigean do Choiste Bainistíochta na scoile Rúnaí Scoile a cheapadh go lánama ionas go mbeadh beirt daoine fásta ar an láthair, ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.  Astu sin a bhí cláraithe ar rolla na scoile ar lá druidte an dorais, bhí cuid acu ar an tríú glúin ó roinnt teaghlach a d’fhreastail ar an scoil.
Sa bhliain 2008, caitheadh €400,000 ar fhorbairtí ar fhoirgneamh na scoile atá suite i gceantar fíor-álainn i measc na gcnoc. Bhí an scoil cóirithe go maith le trealamh, spás, áiseanna agus acmhainní den chéad scoth ar fáil do suas le 60 gasúr, le cláir bhána idirghníomhacha, agus breis agus dhá ríomhaire dhéag.
Tá cainteanna ar siúl faoi láthair ag Coiste Bainistíochta na Scoile i dtaobh cónascadh a shocrú le Scoil Chróine, scoil atá 8km ar shiúl ó láthair Scoil Mhín na Manrach, agus atá sa pharóiste céanna, paróiste an Chlocháin Léith.  Tá tuairim is 270 gasúr ag freastal ar an scoil sin, agus tá príomhoide agus deichniúir múinteoirí ar an bhfoireann.
Cé gur trí mheán na Gaeilge a bhí gasúr Scoil Mhín na Manrach ag foghlaim go dtí seo, is cosúil nach ionann polasaí Gaeilge na scoile sin, agus an nósmhaireacht teanga atá ar fáil i scoil mhór an pharóiste, Scoil Chróine, áit nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad cuid mhór de na daltaí.
Deir Bernadette Ní Dhuibhir, Príomhoide na scoile, go raibh an scoil seo “mar chuisle croí an phobail – tá an pobal thart timpeall ar an scoil in ísle brí nach mbeidh futa fata na bpáistí le cloisteáil i gclós na scoile am sosa riamh arís”.
Foilsithe ar Gaelport.com