An Ghaeilge i gClár an Rialtais
Márta 8, 2011
Is cosúil gur tháinig an dá pháirtí a bheidh ag glacadh páirte sa chomhrialtas nó sa rialtas náisiúnta ar chomhréiteach de shaghas éigin maidir le stádas na Gaeilge san Ardteistiméireacht amach anseo.
Ba léir áfach go raibh cuid mhaith de na gealltanais a rinneadh i ndréacht-chlár an Rialtais bunaithe ar fhorógra Fhine Gael ach go háirithe.
Ghlac páirtí parlaiminteach Fhine Gael leis an gcáipéis dar teideal ‘Towards Recovery: Programme for National Government’ ar an Domhnach tar éis gur ghlac ionadaithe ó Pháirtí an Lucht Oibre leis an gcáipéis ag comhdháil a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.
Leagtar síos sa cháipéis seacht mórsprioc maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.
An Ghaeilge san Ardteist
Deirtear ann go glacfar céimeanna le go dtiocfaidh feabhas ar mhodhanna theagasc na Ghaeilge ar an dara leibhéal agus nach mbeadh athbhreithniú ann go dtí go glacfar na céimeanna sin.
Gheall Páirtí an Lucht Oibre ina fhorógra go gcoinneoidh an páirtí an Ghaeilge mar cheann de na trí ábhar éigeantacha don Ardteistiméireacht. Ní dhearnadh ráiteas chomh soiléir sa dréacht-chlár a foilsíodh arú inné ach dúradh go bpléifear an cheist tar éis go reáchtálfar athbhreithniú ar mhodhanna múinte ag an dara leibhéal amach anseo.
Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh ach mhol Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála, “go bhfeidhmeoidh an Rialtas polasaí Gaeilge sa chóras oideachais a bheidh bunaithe ar fhianaise agus ar dhea-chleachtas pleanála teanga, agus go mbeadh na struchtúir agus na tacaíochtaí cuí i bhfeidhm ar feadh tréimhse shonrach ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú sa tréimhse sin.”
Ní luaitear sa cháipéis nua an tuairim a bhí ag Fine Gael roimhe seo, ‘nár chothaigh an Ghaeilge éigeantach fás na teanga nó grá don teanga’.
An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge
Is léir gur tháinig na páirtithe ar chomhréiteach maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise amach anseo chomh maith. Le linn an toghcháin, gheall Fine Gael go dtacófaí le ‘mórán gnéithe’ den straitéis. Anois tá an chuma ar an scéal go mbeidh Rialtas nua ag tacú leis an Straitéis ina iomláine ar an gcoinníoll, áfach go dtacófaí leis na spriocanna “gur féidir a bhaint amach agus na haidhmeanna atá curtha chun tosaigh.”
Ní luaitear sa dréacht-chlár an gealltanas a rinne Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh cur i bhfeidhm na Straitéise faoi chúram Oifig an Taoisigh. Is cosúil go mbeidh an cúram seo faoi scáth Aire nó Aire Stáit a ainmneofar nuair a fhillfidh na páirtithe ar Theach Laighean don 31ú Dáil amárach, 9 Márta.
Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí na heagrais Ghaeilge ag iarraidh go gcuirfí an tAcht i bhfeidhm go forleathan agus go mbeadh atheagar ar phróisis earcaíochta sa státchóras d’fhonn a chinntiú go n-earcófar daoine dátheangacha amach anseo.
Níl na gealltanais sin san áireamh sa dréacht-chlár ach beidh na heagrais ag súil go dtabharfar aird ar na riachtanais sin.
Dúradh sa chlár, áfach, go mbeidh athbhreithniú ar an Acht chun a chinntiú go beidh caiteachas ar an teanga faoin Acht dírithe ar fhorbairt na teanga agus go dtabharfar freagrachtaí do chomhlachtaí poiblí atá bunaithe ar éileamh an phobail. Arís, bhí an moladh seo ar cheann de na mórghealltanais a rinne Fine Gael ina fhorógra.
An Ghaeltacht
Bhí cúram fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ina chnámh spairne roimh an toghchán agus bhí an cheist go mór faoi chaibidil ag cruinnithe poiblí a reáchtáladh sa Ghaeltacht le linn an fheachtais.
Ní thugtar le fios sa dréacht-chlár cén ról a bheidh ag Údarás na Gaeltachta amach anseo ach deirtear ann go ndéanfar infheistíocht sa Ghaeltacht agus go mbainfidh ceantair Ghaeltachta tairbhe as an bplean fostaíochta atá molta ag an rialtas nua.
Luaitear sa chlár go gcuirfear i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge – agus bhí bunú Udarás na Gaeilge agus na Gaeltachta lárnach sa Straitéis sin. Ach tá imní ar Bhaill thofa Údarás na Gaeltachta nach bhfuil feidhm fiontraíochta an eagrais luaite i gclár an rialtais go sonrach agus tá an chuma ar an scéal go reáchtálfar feachtas poiblí go luath mar gheall ar an gceist.
Oideachas
Deirtear sa cháipéis go mbeidh athchóiriú iomlán ar theagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ar dara leibhéal sa chóras oideachais. Is cosúil go mbeidh an rialtas ag cur béime breise ar scileanna labhartha agus éisteachta amach anseo agus tá geallta ag an rialtas go dtabharfaidh níos mó daltaí faoin scrúdú ag an ardleibhéal san Ardteistiméireacht amach anseo.
Ní luaitear sa cháipéis an gealltanas a rinne Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh dhá ábhar éagsúla ar an gcuraclam.
Na Meáin Ghaeilge
Glactar leis sa cháipéis go dtacófar leis na meáin chraolta Gaeilge agus na hEalaíona amach anseo. Bhí an moladh seo luaite ag Páirtí an Lucht Oibre le linn an toghcháin.
Athbhreithniú ar Mhaoiniú
Deirtear sa cháipéis go ndéanfar athbhreithniú ar infheistíocht agus ar mhaoiniú d’fhonn a chinntiú go mbeidh luach ar airgid ann agus go mbeidh torthaí inláimhsithe soiléire ag eascairt as obair na n-eagras Gaeilge.
Dúirt Pádraig Mac Criostail go bhfuil na heagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge , “i mbun próiseas athbhreithnithe ar an gceist seo i gcomhar leis an bhForas agus leis na Ranna Rialtais Thuaidh agus Theas, chun obair thábhachtach na n-eagraíochtaí a neartú ar mhaithe le seirbhísí riachtanacha chur chun cinn na Gaeilge a sholáthar go forleathan.”