Méid an Téacs

An Ghaelscolaíocht faoi bhagairt

Bealtaine 4, 2010

Tháinig fás agus forbairt ar earnáil na Gaelscolaíochta in Éirinn le scór bhliain anuas ach anois tá riar maith de na heagrais Ghaeilge buartha go bhfuil An Roinn Oideachais ag cur laincise ar fhorás na hearnála amach anseo.

Is ceist í seo a d’ardaigh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nuair a labhair sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge coicís ó shin i gCathair Luimnigh.

Tá sé  i gceist ag ardstátseirbhísigh sa Roinn “an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stáit má ligtear leo”, dar leis.

Is é cás na gaelscoile nua i Ráth Tó i gCo. na Mí a spreag cuid mhaith den chaint seo. Dhiúltaigh an Roinn aitheantas oifigiúil a thabhairt don scoil i mbliana.

Dúirt Mac Fherghusa  gur mór an náire é nár thug an Roinn aitheantas do ghaelscoileanna nua i mbliana agus gur “ mithid do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdeas seo agus tacú lena leithéid de Ghaescoil Ráth Tó atá ag oscailt gan aitheantas i Meán Fómhair.”

Dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do ghaelscoileanna nua i mbliana ar an mbonn nach raibh na scoileanna ag sásamh critéir nua de chuid na Roinne maidir le córais phleanála.

An tseachtain seo caite d’fhógair cúig eagraíocht Gaeilge go raibh tús curtha le feachtas nua dar teideal ‘Aitheantas’ lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus  go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.

D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht ag rá “ tá an-obair romhainn ag cinntiú go mbeidh gaelscolaíocht ar fáil do phobal Ráth Tó agus thug seasamh phobal na Gaeilge  spreagadh ollmhór do na tuismitheoirí.”

Luaigh sé go mbeidh an Coiste áitiúil ag obair go dian chun an t-airgead a tiomsú don scoil a bhunófar i Mí Meán Fómhair gan aitheantas. Is ábhar imní do choiste na scoile nach bhfuil an Roinn ag déanamh idirdhealú ar éileamh a bhíonn ann ar scoileanna Béarla agus ar scoileanna Gaeilge.

Beidh na heagraíochtaí ag déanamh stocaireachta ar bonn náisiúnta ar son na scoile agus cheana féin tá tacaíocht faighte ag an scoil ó chomhairleoirí áitiúla.

“Táimid dóchasach” a deir Seán. “ Labhraíomar cheana le bunaitheoirí na Gaelscoileanna eile a raibh fadhbanna mar sin acu. D’éirigh leo sa deireadh stádas a bhaint amach agus táimid dóchasach go n-éireodh leis an gcoiste an t-aitheantas céanna a bhaint amach go luath”.

©www.gaelport.com 04 Bealtaine 2010