Méid an Téacs

An mbraitheann slánú na Gaeilge ar thacaíocht rialtais?

Márta 13, 2014

Le Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil, agus muid ag druidim go tapa i dtreo Lá Fhéile Phádraig, tá pobal na Gaeilge ag ceiliúradh na teanga, an chultúir agus na hoidhreachta.

D’ainneoin sin, seo tréimhse neamhchinnteachta mar gheall ar an tacaíocht atá ar fáil do phobal na Gaeilge ón rialtas, agus faoi cén saghas cuma a bheidh ar eagraíochtaí Gaeilge as seo amach.

Chuir Meon Eile an cheist “An mbraitheann slánú na Gaeilge ar thacaíocht rialtais?” ar dhaoine an tseachtain seo. Seo a bhí le rá acu…

Anocht, ag 19:30 i gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste, tionólfar díospóireacht phoiblí ar an ábhar seo, le Páidí Ó Lionáird mar chathaoirleach.

Rachaidh Alan Titley, Muireann Ní Mhóráin, Donncha Ó hÉallaithe, Dónal Ó Cnáimhsí agus Pilib Mac Cathmhaoil i mbun díospóireachta ar an ábhar agus táthar ag súil le plé spleodrach uathu.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie