Méid an Téacs

An tAos óg agus an Ghaeilge

Bealtaine 13, 2013

Bhog Donncha Ó hÉallaithe ó Bhaile Átha Cliath go Conamara 40 bliain ó shin.

‘B’í an Ghaeilge a mheall mé le bogadh amach as Baile Átha Cliath,’ a deir sé san eagrán reatha de beo.ie. Ach téann sé ar aghaidh: ‘Tá creimeadh mór tarlaithe ar an Ghaeilge ó shin… Tá cuid mhaith de na daoine óga ag diúltú an Ghaeilge a labhairt mar gnáth- theanga eatarthu féin…Is meascán aisteach de Bhéarla agus Gaeilge atá acu’.

Agus ag an deireadh cuireann sé ceist: ‘Cad is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón bhás atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireanacha?’

Is léir nach bhfuil Gaeilge na gcainteoirí Gaeilge sa lá atá inniu ann chomh saibhir is a bhí Gaeilge na glúine a chuaigh rompu. Ach is féidir sin a rá faoi theanga ar bith.

Fiafraigh de Bhéarlóir óg cad is ‘replenishment’ ann. Fiafraigh de cad is ‘wireless’ ann. Tá stór focal coitianta an Bhéarla an-teoranta anois. Deirtear go bhfuil tú ábalta teacht slán le 600 focal sa Bhéarla. Agus sílim nach bhfuil ach thart fá chéad focal de dhíth má úsáideann tú an focal ‘f-’.

Ach cad chuige a dtréigeann daoine óga an Ghaeilge? Creideann cuid mhaith acu nach fíortheanga í. Níl páipéar laethúil againn i nGaeilge fiú. Thig leat post a fháil sa státseirbhís, nó post mar mhúinteoir nó post mar gharda gan Ghaeilge nó le Gaeilge nach bhfuil thar mholadh beirte. Nach féidir an Ghaeilge a dhéanamh réadúil? Nach féidir leis an rialtas i mBaile Átha Cliath lipéid agus fógraí dátheangacha a dhéanamh riachtanach i siopaí? Déantar seo i dtíortha eile.

Ach os a choinne sin, caithfimid ár ndóchas a choinneáil. Tá a lán páistí ag foghlaim Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Úsáideann siad an teanga agus tá siad ag baint suilt aisti. Tá an Ghaelscolaíocht ag dul ó neart go neart ar fud na tíre ach amháin i gCathair an Chultúir agus in Inis Eoghain, de réir cosúlachta. Tá na huimhreacha íseal sna trí bhunscoil i nDoire agus tá an Ghaelscoil i mBun Cranncha i mbaol. Ba chóir do mhuintir na háite ceist a chur orthu féin.

www.derryjournal.com