An Tionól Teagaisc
Samhain 1, 2011
Táthar ag súil go mbeidh cúig chéad múinteoir i láthair ag an Tionól Teagaisc in Ollscoil Mha Nuad ar an Aoine 11 agus ar an Satharn 12 mí na Samhna.
Tá an tionól á reáchtáil ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge agus beidh an-bhéim ar na hathruithe suntasacha atá ar na bacáin do chóras measúnachta na scrúduithe stáit.
Osclófar an Tionól go hoifigiúil tráthnóna Aoine agus leanfaidh sé ar aghaidh ar an Satharn le rogha tríocha ceardlann phraiticiúil curtha i láthair ag múinteoirí Gaeilge éagsúla agus ag saineolaithe eile.
Seimineár náisiúnta a bheidh ann agus reáchtálfar ceardlanna do mhúinteoirí iarbhunscoile ar ghnéithe éagsúla do theagasc na Gaeilge ó úsáid iPadanna agus an nuatheicneolaíocht sa seomra ranga go ceist na litearthachta.
Tuilleadh eolas: oifig@tionolteagaisc.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com